New Orleans, Louisiana

Cathair ins na Stáit Aontaithe From Wikipedia, the free encyclopedia

New Orleans, Louisiana
Remove ads

Is cathair i stát Louisiana, Stáit Aontaithe Mheiriceá í Nua-OrléansNew Orleans as Béarla, nó La Nouvelle-Orléans as Fraincis, nó Nua Orléans.

Fíricí Gasta Leasainm, Ainmnithe in ómós ...
Remove ads

Láthair

Is port tábhachtach í an chathair, agus í suite ar bhruach na hAbhann Mississippi, cóngar do bhéal na habhann ar Mhurascaill Mheicsiceo.

Tugtar an leasainm "The Big Easy" ar an gcathair go minic. Tagann an t-ainm seo as an lúb mór a dhéanann an abhainn ar thaobh theas na cathrach. "The Crescent City" leasainm eile ar Nua Orleans.

Stair

Bunaíodh Nua-Orléans mar chathair trádála san 18ú haois.[1] Francaigh a bhunaigh é i 1718 agus a fhios go maith acu go mbeadh smacht acu ar thráchtáil uilig an Mhississippi dá mbeadh béal na habhann ina seilbh acu. Ainmníodh an áit as Chathair Orléans na Fraince, ar ndóigh, ach freisin i ndiaidh Pilib, Diúc Orléans.

D’fhan an chathair i seilbh na bhFrancach go dtí 1763 nuair a tugadh don Spáinn é faoi Chonradh Pháras. Fuair na Francaigh ar ais í in 1801, ach go sealadach, mar dhíol Napoleon an chathair (agus talamh ollmhór Louisiana go léir) leis na Stáit Aontaithe in 1803.

D’fhan rian na Fraince ar an gcathair fiú tar éis Mhargadh Napoléon, ach gan baint polaitiúl a bheith ag an bhFrainc leis an áit, thosaigh saíocht na Fraincise ag dul i laige sa 19ú haois, go háirithe agus inimircigh na hÉireann agus na hIodáile ag plódú isteach.

Remove ads

Cultúr

cultúr saibhir cáiliúil ag Nua Orleans, le tionchar mór Francach, Spáinneach, agus Afrai-Mheiriceánach le feiceáil. Creid nó ná creid, tá cruth Spáinneach inniu ar an Vieux Carré (an tseancheathrú, nó Ceathrú na bhFrancach). Tar éis roinnt tinte cathrach, b’éigean do na Spáinnigh an chathair go léir (nach mór) a atógáil.

Thumb
earraí bácúis darb ainm beignets agus bia mara créole mar phiardóg agus ribe róibéis in anlann

Cuisine

Tá cáil ar Nua-Orléans mar chathair bia freisin. Itear meascán de bhia na Fraince, mar earraí bácúis darb ainm beignets agus bia mara créole mar phiardóg agus ribe róibéis in anlann ("Gumbo") le anlann spíosraithe.

Thumb
Sráid Bourbon i Nua Orleans.

Teangacha

Cé go bhfuil créole na Fraincise fós le cloisteáil faoin tuath sna bayúnna ó thuaidh den chathair, ní labhraítear ach Béarla agus Spáinnis sa chathair anois. Níos aistigh fós, níl canúint an deiscirt ar éinne sa chathair seo, ach meascán de Bhéarlaí na gcathracha oirthearacha mar Nua-Eabhrac agus Baile an Tí Mhóir as a dtáinig imircigh an 19ú haois.

Sa bhliain 2010, labhair 90.3% de mhuintir Nua Orleans (os cionn 5 bliana d'aois) Béarla sa bhaile mar príomhtheanga. Labhair 4.8% díobh Spáinnis, 1.9% Vítneaimis agus 1.1% Fraincis. San iomlán bhí príomhtheanga tí eile seachas Béarla ag 9.7% de mhuintir Nua Orleans.

Ceol agus spraoi

Cathair álainn spraoiúil is ea Nua-Orléans. Thosaigh an snagcheol i Nua-Orleans timpeall na 1920idí. Bhí an-tionchar ag an gcultúr Afrai-Mheiriceánach ar an snagcheol.

Sráid líonta le bialanna is ea an phríomhshráid, Bourbon Street ar maidin agus um thráthnóna. Tá Nua-Orléans ar cheann den bheagán cathracha sin a ligeann do dhaoine ól ar an tsráid.

Thumb
Thosaigh an snagcheol i Nua-Orleans timpeall na 1920idí.
Remove ads

Hairicín Katrina (2005)

Ar an 29 Lúnasa 2005, rinneadh go leor dochar do Nua Orleans nuair a bhuail Hairicín Katrina deisceart Stáit Aontaithe Mheiriceá. Cumadh Hairicín Katrina i Mhurascaill Mheicsiceo ar an 23 Lúnasa. Ar an 28 Lúnasa, d'ordaigh gobharnóir Louisiana aslonnú éigeandala agus spéirling Katrina ag teannadh ar cheantar Nua Orleans.

Tá ceantar na turasóireachta ar ard os cionn abhann an Mhississippi, agus mar sin níor deineadh dochar dó i rith na speirlinge

Remove ads

Naisc sheachtracha


Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads