Margaret Mead
antraipeolaí Meiriceánach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Antraipeolaí a rugadh i bhPhiladelphia ab ea Margaret Mead (16 Nollaig 1901 – 15 Samhain 1978). Tógadh in Doylestown, Pennsylvania, í. Fuair sí a cuid ollscolaíochta i gCathair Nua-Eabhrac: céim bhaitsiléara ó Choláiste Barnard (1923), M.A. ó Ollscoil Columbia (1924) agus dochtúireacht ón ollscoil chéanna (1929). Ag Columbia rinne sí staidéar faoi Franz Boas agus Ruth Benedict. Rinne Mead staidéar allamuigh ar oileáin san Aigéan Ciúin, agus chuir síos air ina leabhair cháiliúla Coming of Age in Samoa (Ag Teacht in Aois i Samó, 1928) agus New Lives for Old (Beathaí Nua ar Sheanbheathaí, 1956).[1]
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Dún