Meascán (ceimic)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa cheimic, ní hionann meascán agus comhdhúil. I meascán de A is B, ní fios an comhdhéanamh i gceart, bíonn airíonna A is B ann, agus bíonn sé éasca A a scaradh ó B de ghnáth. I gcomhdhúil AB, bíonn cóimheas cinnte A/B ann, airíonna aici atá difriúil ó airíonna A nó B, agus gá le himoibriú chun A a scaradh ó B.[1]