Narges Mohammadi
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá Narges Mohammadi (Peirsis: نرگس محمدی) ar dhuine de na mná feachtais is aitheanta san Iaráin (rugadh í ar 21 Aibreán 1972). Bhí go leor oibre déanta aici ar son chearta na mban agus ar son deireadh a chur leis an bpionós báis.[1] Cuireadh sa phríosún í ar 16 Samhain 2021. Bhí dhá bhliain déag príosúin gearrtha uirthi, as "bolscaireacht i gcoinne an stáit a scaipeadh".
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Ainm sa teanga dhúchais | (fa) نرگس محمدی |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 21 Aibreán 1972 52 bliana d'aois Zanjan (Pahlavi Iran) |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Ioslam agus Twelver Shiism (en) |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Imam Khomeini International University (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | gníomhaí ar son chearta an duine, iriseoir |
Fostóir | Defenders of Human Rights Center (en) |
Teangacha | An Pheirsis agus an Asarbaiseáinis |
Teaghlach | |
Céile | Taghi Rahmani (1999–) |
Gradam a fuarthas
|
Dún
Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar Mohammadi ar 6 Deireadh Fómhair 2023. Rinne lucht eagraithe Duais Nobel na Síochána cur síos uirthi mar "throdaí na saoirse".