Níotráit
From Wikipedia, the free encyclopedia
Salann den aigéad nítreach ina bhfuil an t-ian NO3-, nó comhdhúil ina bhfuil an coimpléasc atá nasctha go comhfhiúsach -O-NO2. Tarlaíonn níotráití potaisiam is sóidiam go nádúrtha (sailpítear) agus úsáidtear iad i gcaomhnú bia, leasuithe talún is ábhair pléasctha. Bíonn níotráití orgánacha an-phléascach.[1]