Páidí Ó Sé
imreoir peil Ghaelach agus bainisteoir / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba pheileadóir agus bainisteoir peile Éireannach é Páidí Ó Sé a rugadh i lár na Gaeltachta i gCeann Trá, Contae Chiarraí ar an 16 Bealtaine 1955 agus a shíothlaigh ar an 15 Nollaig 2012.[1] Bhí an-rath air mar imreoir sna foirne cáiliúla ó Chiarraí idir na seachtóidí agus na hochtóidí, agus é ina chaptaen ón mbliain 1985 ar aghaidh.[2] Bhuaigh sé cúig ghradam Sárimreora i ndiaidh a chéile idir na blianta 1981 agus 1985.
Beathaisnéis | |||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 16 Bealtaine 1955 Ceann Trá, Éire | ||||||||||||||||
Bás | 15 Nollaig 2012 57 bliana d'aois | ||||||||||||||||
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach) | ||||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | |||||||||||||||||
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Bhréanainn, Cill Airne Coláiste Mhichíl, Lios Tuathail | ||||||||||||||||
Teanga dhúchais | an Ghaeilge | ||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||
Gairm | imreoir peile Gaelaí, duine den lucht gnó | ||||||||||||||||
Teangacha | An Ghaeilge | ||||||||||||||||
Spórt | peil Ghaelach | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
Gradam a fuarthas | |||||||||||||||||
Suíomh gréasáin | paidiose.com |
D'imir Ó Sé lena chlub peile áitiúil an Ghaeltacht, agus le foireann Chiarraí Thiar. Tá triúr nia aige a d'imir do fhoireann Chiarraí - Dara, Tomás agus Marcas - mic a dhearthár Mícheál, nach maireann. Fuair Páidí bás le taom croí ar an 15 Nollaig, 2012.
Tábhairneoir agus iar-Gharda a bhí ann. Phós sé Máire, múinteoir scoile ón Daingean ó dhúchas, agus saolaíodh triúr clainne acu - Neasa, Siún agus Pádraig Óg.