From Wikipedia, the free encyclopedia
Is páirtí polaitíochta dílseach agus aontachtach[1][2] i dTuaisceart Éireann é an Páirtí Aontachtach Daonlathach (Béarla: Democratic Unionist Party nó DUP). Bhunaigh Ian Paisley agus Desmond Boal an páirtí i 1971, le linn na Trioblóidí, agus bhí Paisley mar cheannaire an pháirtí ar feadh 37 mbliain ina dhiaidh sin.
Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | DUP |
Cineál | páirtí polaitíochta |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | aontachtas sa Ríocht Aontaithe coimeádachas sóisialta pobalachas ar an eite dheas coimeádachas náisiúnta náisiúnachas Briotanach Eoraisceipteach |
Ailíniú polaitíochta | eite dheis ar dheis ón lár |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 30 Meán Fómhair 1971 |
Bunaitheoir(í) | Ian Paisley |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Uachtaránacht | Maurice Morrow |
Eile | |
Dath | |
Suíomh gréasáin | https://mydup.com/ |
Is é Gavin Robinson ceannaire an pháirtí, ceapthain 2024 i gcúinsí eisceachtúla.Fuair Gavin Robinson ceannas ar an DUP faoi choinníollacha nach roghnódh aon duine; tháinig sé i gcomharbacht ar Jeffrey Donaldson a dtáinig deireadh lena shaol polaitiúil nuair a cúisíodh é as cionta gnéis stairiúla, éigniú san áireamh.[3]
Is é an DUP ceann den dá páirtí is mó i dTionól Thuaisceart Éireann, agus an cúigiú páirtí is mó i dTeach na dTeachtaí na Ríochta Aontaithe (toghadh 8 ball den pháirtí chun Pharlaimint na Breataine sa toghchán in 2019).
Deirtear go bhfuil an páirtí i bhfad amach ar an eite dheis[4] agus go bhfuil sé thar a bheith coimeádach ar chúrsaí sóisialta.[5] Tá sé in aghaidh an ghinmhillte agus an phósadh comhghnéis. Feiceann an DUP é féin ag cosaint an Briotanachas agus cultúr Protastúnach Uladh. Tá an páirtí amhrasach faoin Aontas Eorpach agus thacaigh sé leis an mBreatimeacht.[6][7]
D'eascair an DUP ón bPáirtí Aontachtach Protastúnach. Tá naisc stairiúla aige le hEaglais Shaor Phreispitéireach Uladh, an eaglais a bhunaigh Paisley. Le linn na `dTrioblóidí, bhí an DUP i gcoinne cumhacht a roinnt le náisiúnaithe Éireannacha mar bhealach an coimhlint a réiteach, agus bhí sé i gcoinne iarrachtaí baint a bheith ag Poblacht na hÉireann i gcúrsaí Thuaiscirt Éireann. Chuaigh sé i mbun feachtais i gcoinne Chomhaontú Sunningdale 1973, Comhaontú Angla-Éireannach 1985 agus Comhaontú Aoine an Chéasta 1998. Sna 1980í, bhí baint ag an DUP leis na gluaiseachtaí paraimíleata dílseacha Third Force[8][9] agus Ulster Resistance[10] a chur ar bun.
Le linn an chuid is mó de stair an DUP, ba é Páirtí Aontachtach Uladh an páirtí aontachtach is mó i dTuaisceart Éireann, ach faoi 2004, bhí níos mó suíocháin ag an DUP i dTionól Thuaisceart Éireann agus i dTeach na dTeachtaí na Ríochta Aontaithe.
I 2006, chomhshínigh an DUP Comhaontú Chill Rìmhinn agus an bhliain ina dhiaidh sin, d'aontaigh an páirtí le dul i mbun rialtas cineachta roinnte cumhachta le Sinn Féin,[11] a d'aontaigh an tseirbhís póilíní, cúirteanna agus an smacht reachta a thacú. D'fhág Jim Allister (an t-aon bhall de Pharlaimint na hEorpa ag an bpáirtí)[12] agus seachtar gcomhairleoirí[13] an páirtí mar agóid, agus bhunaigh siad an páirtí Glór Traidisiúnta Aontachtach.[14]
Tar éis Paisley, bhí Peter Robinson mar cheannaire ó 2008 go 2015, Arlene Foster ó 2015 go 2021, Edwin Poots ar feadh trí sheachtaine i 2021, agus Jeffrey Donaldson ó Meitheamh 2021 ar aghaidh.
San olltoghchán 2019, bhí an DUP i dtús áite le hocht suíochán (bhí Sinn Féin sa dara háit le seacht gcinn).
In 2022, tharraing an DUP amach as Stormont mar agóid i gcoinne an mhargaidh a rinne Rialtas na Breataine leis an Aontas Eorpach i dtaca le cúrsaí trádála. Cnámh spairne ab ea na socruithe a bhí ann maidir le hearraí áirithe a iompraítear idir an Bhreatain agus an Tuaisceart.
Ar 29 Eanáir 2024, chinn an DUP filleadh ar Stormont tar éis do choiste feidhmiúcháin an DUP an cheist a chaibidil ar feadh cúig huaire (cuireadh go láidir i gcoinne an chinnidh). Gheall Rialtas na Breataine "deireadh" a chur le "seiceálacha" custaim ar earraí a choinnítear taobh istigh de mhargadh an Tuaiscirt, a mhaígh Donaldson.[15]
D'éirigh Donaldson as an cheannaireacht ar an 29 Márta 2024 nuair a chúisíodh é i gcionta gnéis. Bhí Gavin Robinson ina leascheannaire sula bhfuair sé an t-ardú céime gan choinne Aoine an Chéasta. Toghadh é mar cheannaire an pháirtí i gcúinsí eisceachtúla.[16]
Ar an 23 Bealtaine 2024, d'fhógair Rishi Sunak olltoghchán ; ní raibh an DUP ag cruthú rómhaith sna pobalbhreitheanna ag an am. Ní raibh ceannaire ar an bpáirtí, Gavin Robinson róchinnte fiú go n-éireoidh leis a shuíochán féin a choinneáil i mBéal Feirste Thoir. [17]
San Olltoghchán 2024, atoghadh Gavin Robinson (Béal Feirste Thoir); Sammy Wilson (Aontroim Thoir); Gregory Campbell (Doire Thoir); Jim Shannon (Loch Cuan); agus Carla Lockhart (An Bhanna Uachtarach). Mar leis na trí shuíochán a chaill an DUP,[18]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.