Gavin Robinson

polaiteoir as Béal Feirste From Wikipedia, the free encyclopedia

Gavin Robinson
Remove ads

Is polaiteoir de chuid Thuaisceart Éireann é Gavin James Robinson a rugadh ar an 22 Samhain, 1984. I mí Bealtaine 2015, bhí sé tofa don chéad uair mar theachta parlaiminte do Bhéal Feirste Thoir. Bhuaigh sé arís san Olltoghchán 2024.[1]

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Is é an té sa DUP is mó a bhfuil cáil na measarthachta air.[2]

Toghadh Robinson mar leascheannaire an DUP in 2023[3] agus ceapadh é mar cheannaire in 2024.[4]

Thumb
2012, ard-mhéara Bhéal Feirste 2012–2013
Thumb
2017
Remove ads

Gairm

Tá Robinson cáilithe mar abhcóide agus bhain sé céim mháistreachta amach i bpolaitíocht na hÉireann.

Ard-mhéara Bhéal Feirste ba ea Robinson le linn 2012–2013.

In 2015 thóg Robinson suíochán an pháirtí i mBéal Feirste Thoir ‘ar ais’ ó Naomi Long, Alliance.[5]

In 2018, den chéad uair thacaigh an DUP le ceansú na dtinte cnámh, agus Robinson meáite de nár mhór an pobal a chosaint.[6]

In 2019 choinnigh Gavin Robinson a shuíochán in oirthear Bhéal Feirste le móramh laghdaithe agus in ainneoin dianiomaíochta ó Naomi Long aon uair amháin eile.[7]

Níl aon ghaol aige lena réamhtheachtaí in oirthear Bhéal Feirste Peter Robinson, ach dúirt sé in 2021 go n-aontaíonn sé leis gur cheart don DUP a bheith ag ullmhú do phobalbhreith faoin teorainn.

D'éirigh Jeffrey Donaldson as an cheannaireacht ar 29 Márta 2024 nuair a chúisíodh é i gcionta gnéis agus ceapadh Robinson, leascheannaire an pháirtí ag an am, mar cheannaire eatramhach.[4][8]

Gaeilge

In 2014, nuair a bhí Robinson ina chomhairleoir cathrach, dúirt sé go raibh roinnt nathanna cainte Gaeilge aige. Bhain sé úsáid an uair sin as an téarma Leas-Ardmhéara. Ní bhíonn nathanna cainte Gaeilge “ag déanamh scime” dó. Dúirt sé ag an gcruinniú céanna áfach nach raibh sa Ghaeilge ach “caitheamh aimsire” agus nár cheart airgead a chur amú uirthi.[2]

In 2021, dúirt Robinson nach raibh locht ar bith ar an nGaeilge dóibh sin a raibh dúil acu inti fhad is nach mbeifí á sacadh síos in ár scornacha ar an gcuid eile againn.[9]

In 2022, dúirt Robinson go raibh “dochar mór” déanta ag rith na reachtaíochta don obair a rinneadh roimh an gcomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua[10] chun na páirtithe i dTuaisceart Éireann a thabhairt le chéile.

Remove ads

Pearsanta

Tá Robinson pósta le Lindsay agus páiste amháin acu, Reuben.[11]

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads