Paramore
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is rac-bhanna Meiricéanach é Paramore as Franklin, Tenessee. Tháinig Hayley Williams, Josh Farro agus Zac Farro le chéile timpeall 2002 nuair a bhog Hayley Williams ó Meridian, Mississippi go dtí Franklin, Tennessee.[1] D'eisíodar a gcéad albam, "All We Know is Falling", sa bhliain 2005 ar an lipéad Fueled By Ramen.[2] D'eisíodar a ndara albam, "Riot!", sa bhliain 2007,[3] agus fuair sé deimhniúchán platanam in Éirinn.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | racbhanna | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 2003, Franklin | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Tréimhse oibre | 2004 – | ||||
Lipéad ceoil | Fueled by Ramen | ||||
Seánra | Power pop (en) , rac malartach agus popcheol rac | ||||
Le cuid | |||||
Suíomh gréasáin | paramore.net | ||||
Tháinig Taylor York istigh sa bhanna mar ghiotáraí rithime sa bhliain 2008.
Chuireadar a dtríú albam, "Brand New Eyes", amach sa bhliain 2009, a gcéad cheann leis an ngiotáraí nua Taylor York.[4] Fuair sé deimhniúchán platanam in Éirinn freisin.
D'fhág na deartháireacha Farro, Josh agus Zac, an banna i 2010 agus fuair Taylor York an áit mar ghiotáraí dá bharr sin.[5]