ceoltóir agus cumadóir amhrán Sasanach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ceoltóir é Sior Paul McCartney (a rugadh ar an 18 Meitheamh1942 i Learpholl, Sasana, leis an ainm James Paul McCartney). Bhí McCartney ina amhránaí, chumadóir agus dhordghiotáraí sa bhanna rac-cheoilThe Beatles ón bhliain 1960 go dtí 1970. Deirtear go bhfuil McCartney ar dhuine de na seinnteoirí doird is fearr riamh, ceannródaí an dhoird-ghiotáir sa rac cheol. Chomh maith leis sin, seinneann sé an pianó agus na drumaí. Le John Lennon agus The Beatles, agus mar cheoltóir ina aonar, scríobh McCartney cuid de na hamhráin pop is cáiliúla riamh.
Bhí McCartney ar an chéad duine den cheathrar a d'fhág The Beatles sa bhliain 1970, agus thosaigh sé an grúpa nua Wings lena bhean chéile Linda Eastman. Bhain Wings rath nach beag amach chomh maith, le rianta cáiliúla ar nós Live and Let Die, Band On The Run, Jet agus Mull of Kintyre[1].