Pis chumhra
From Wikipedia, the free encyclopedia
Planda bliantúil dreaptha atá dúchasach don tSicil is deisceart na hIodáile is ea an phis chumhra (Lathyrus odoratus). Fástar go forleathan í mar mhaisiúchán. Sciatháin leathana ar na gais a fhásann thar 2 m ar airde. Na duilleoga roinnte le dhá dhuilleoigín ubhchruthacha/dhronuilleacha mhínphioracha is teannóga géagacha. Na bláthanna suas le 3.5 cm ar fhad le boladh cumhra, is iad iompartha in ascaillí na mbláthanna uachtaracha. Na bláthanna corcra ar phlandaí fiáine, ach tar éis na mblianta diansaothraithe is dianphóraithe, tá plandaí saothraithe ar fáil anois le raon mór dathanna.[1]