From Wikipedia, the free encyclopedia
Cáithnín bunúsach a bhfuil an mhais is an ghuairne chéanna aige is atá ag an leictreon, ach a bhfuil a lucht, atá ar aon mhéid le lucht an leictreoin, ina lucht dearfach. Mar sin, is frithleictreon é le siombail e+. An fisiceoir Meiriceánach Carl Anderson is an fisiceoir Briotanach Patrick Blackett (1897-1974) a d'fhionn é i 1932 ina dtaighde le néalsoitheach ar ghathanna cosmacha. Díothaíonn leictreon is posatrón a chéile chun gáma-ghathanna a chruthú. Astaíonn foinsí radaighníomhacha ar leith é (mar shampla, sóidiam-22). Úsáidtear posatróin sa chóras íomháithe, tomagrafaíocht astú posatrón, an mhíochaine, agus staidéir ar airíonna leictreonacha solad.[1]
Rangú | frithleaptón agus cáithníní bunúsacha |
---|---|
idirghníomhaíochtaí | imtharraingt, idirghníomhú leictreamaighnéadach agus idirghníomhú lag |
Frithcháithnín | leictreon |
Fionnachtain | 1932 |
Lucht leictreach | 1 |
Guairne | 0.5 |
Uimhir Monte Carlo | -11 |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.