ceoltóir Meiriceánach (1948-2009) From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba ghiotáraí, dordghiotáraí agus cumadóir rac-cheoil é Ron Asheton (17 Iúil, 1948 - 6 Eanáir, 2009). Meiriceánach as Ann Arbor, Michigan a bhí ann, agus bhí ar dhuine de bhunaitheoirí an bhanna The Stooges, in éineacht le Iggy Pop, sa bhliain 1967. Sheinn sé an giotár ar na chéad dá albam a sheol an grúpa, ach don tríú halbam Raw Power ghlac James Williamson a áit mar ghiotáraí agus d'athraigh Asheton go dtí an dordghiotár. Nuair a tháinig The Stooges ar ais le chéile sa bhliain 2003, d'fhill Asheton ar a shean-uirlis.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Ronald Franklin Asheton 17 Iúil 1948 Washington, D.C. |
Bás | 6 Eanáir 2009 60 bliana d'aois Ann Arbor, Michigan, Michigan |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ardscoil Pioneer |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Gairm | giotáraí, cumadóir amhrán, aisteoir, liriceoir |
Tréimhse oibre | 1963 – |
Ball de | |
Seánra | Punc-rac agus rac-cheol crua |
Teangacha | Béarla |
Uirlis | Giotár |
Lipéad ceoil | Virgin Records |
Teaghlach | |
Siblín | Scott Asheton |
|
Tá deartháir Asheton ina bhall den bhanna céanna mar dhrumadóir (Scott Asheton).
Fuair Asheton bás sa bhaile in Ann Arbor. Taom croí a bhí i gceist.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.