Ceol
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is éard atá i gceist le ceol ná leanúint fuaimeanna eagraithe, leis na comhpháirteanna seo: séis, armóin, agus rithim. Beagnach chomh tábhachtach le nádúr bunúsach an cheoil atá fuaimniú, a chuimsíonn dinimic, míriú is beocht an léirithe féin, chomh maith le húsáid chruthaitheach an chiúnais ag an gcumadóir. Tá aireachtáil an cheoil iontach casta, meascán den chuimhne leis an aireachtáil dhíreach. Is féidir go spreagfaí mothúcháin dhoimhne ag an cheol agus freagairtí fisiciúla colainne agus intinne.[1]

Féadann na fuaimeanna a nglactar leo mar cheol athrú de réir ré na staire agus an chultúir, ach glactar leis de ghnáth gur ceart na fuaimeanna a bheith eagraithe go comhfhiosach ag duine nó grúpa daoine.
Tá mórán ceoil comhdhéanta de thoin (a chomharthaítear le nótaí ceolmhara) le hairdí cinnte. Déanann toin dhifriúla a sheinntear mar thon i ndiaidh toin séis, agus déanann toin seinnte go comhuaineach cordaí agus armóin. Tá fuaimeanna gan airde déanta le cnagadh go minic. Is í an rithim eagrú tomhaiste na gcodanna sin.
Remove ads
Stair an cheoil
Is sórt cumarsáid é an ceol, agus tá ceol níos sine ná an focail scríofa. Tá sé ceangailte le gach aon chultúr daonra.
Scríobh
Is féidir le ceol a bheith scríofa roimh léiriú ag cumadóir nó ag scríbhneoir. Mar sin, leanann an ceoltóir nó na ceoltóirí atá ag seinm an fhoinn (cé acu scríofa acu féin é nó nach ea) orduithe an chumadóra go leathan, ordaithe atá scríofa síos mar nodaireacht cheolra ar nós lámhscríbhinn cheoil. Ina áit sin, féadann an ceol a bheith cumtha a bheag nó a mhór ag na ceoltóirí fad a sheinneann siad é (tobchumadh).

Remove ads
Léiriú
Is féidir ceol a bheith curtha i láthair ag ceoltóir amháin, nó mórán ceoltóirí le chéile mar ghrúpa ceoil, ar nós roc-bhanna nó ceolfhoirne. Éisteann daoine le ceol trí a lán meáin cumarsáide; b'é choirm-cheoil bheo an modh is traidisiúnta. Féadtar ceol beo a chraoladh thar an raidió nó an teilifís, nó fiú an Idirlíon, cé gur mó is cosúla don éisteoir ná é seo a éisteacht le taifeadadh nó féachaint ar fhíseán ceoil. Ar uairibh, bíonn fuaimeanna réamhthaifeadta san áireamh i léirithe; mar shampla, déanann DJ ceirníní a scríobadh. Is féidir leat féin ceol a chruthú le canadh, le seinm ar uirlis cheoil, nó le cumadh. De ghnáth, déanann nuathosaitheoirí iarracht ar an ngiotár nó ar an bpianó mar chéad-uirlis.
Féadann duine bodhar ceol a chleachtadh le mothú na gcreathanna istigh ina chorp; is é Ludwig van Beethoven an sampla is cáiliúla de cheoltóir bodhar, a chum mórán saothar cáiliúil cé gur chaill sé a éisteacht cheana féin. San aimsir níos nuaí is cnagcheoltóir atá molta go hard í Evelyn Glennie (atá bodhar ó 12 bhliain d’aois) .
Oideachas
Bíonn ceachtanna ceoil á dtógáil ag daoine nuair is mian leo seinm an cheoil a fhoghlaim. Is í ceoleolaíocht réimse leathan a chuimsíonn an staidéar staire agus an staidéar eolaíochta, teoiric cheoil agus stair cheoil san áireamh.
Uirlisí

Is iomaí uirlis a úsáidtear chun ceol a léiriú. De réir dealramh, bhí ceann de na céad uirlisí ariamh déanta as clocha le poill iontu a dtáinig na chéad daoine orthu ar an tráigh. Bhuailidís le chéile iad (cnaguirlis) , agus ansin, i ndiaidh roinnt fiosraithe air, thosaíodar ag séideadh isteach iontu agus tháinig gleo (nóta ceoil). Tháinig siad ar chlocha le poill ar mhéideanna éagsúla, agus bhí neart nótaí acu le píosaí ceoil a sheineadh!
Remove ads
Seánraí
Is léir don domhan go bhfuil an-chuid saghsanna ceol. Tá cineál áirithe ceoil do gach aon phobal, agus ós rud gur ealaíon sheanda í an ceol, tá mórán seánra ann.
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads