Is tír leath-Eorpach, leath-Áiseach í an Rúis (ainm oifigiúil: Cónaidhm na Rúise). Is í an tír is mó ar domhan, le hachar 17,075,400 km², beagnach dhá oiread níos mó ná an chéad tír eile, is é sin, Ceanada. Is í an t-ochtú tír is mó maidir le daonra. Is é Moscó an phríomhchathair. Is í an Rúisis an teanga oifigiúil, siúd is go bhfuil an dúrud teangacha eile á labhairt ag na mionlaigh ar fud na tíre.
An Rúis | |||||
---|---|---|---|---|---|
Россия (ru) Российская Федерация (ru) | |||||
|
|||||
Aintiún | Amhrán náisiúnta Chónaidhm na Rúise (27 Nollaig 2000) | ||||
Mana | «Reveal your own Russia» «Datgelwch eich Rwsia eich hun» «Revela la teva pròpia Rússia» | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Moscó | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 145,975,300 (2021) | ||||
• Dlús | 8.55 hab./km² | ||||
Déamainm | Rúiseach | ||||
Teanga oifigiúil | an Rúisis | ||||
Reiligiún | neamh-shainchreidmheach | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | stáit iar-Shóivéadacha Oirthear na hEorpa dúliosta tearmann cánach an Aontais Eorpaigh (2023–) | ||||
Achar dromchla | 17,075,400 km² | ||||
• Uisce | 13 % | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Muir Bhailt, an tAigéan Ciúin, an tAigéan Artach, an Mhuir Dhubh, Muir Chaisp, Muir Mheoid, Muir na Sibéire Thoir, Muir Barents, Chukchi Sea (en) , Shantar Sea (en) , Muir Chara, Pechora Sea (en) , Muir na Seapáine, Muir Bheiring, an Mhuir Bhán, Muir Ocatsc, Muir Laptaiv agus Queen Victoria Sea (en) | ||||
Pointe is airde | Mount Elbrus (en) (5,642 m) | ||||
Pointe is ísle | Muir Chaisp (−28 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Russian Soviet Federative Socialist Republic (en) agus an tAontas Sóivéadach | ||||
Cruthú | 25 Nollaig 1991: Dissolution of the Soviet Union (en) (Dissolution of the Soviet Union (en) ) cúis leis seo Official name change (en) | ||||
Eachtra thábhachtach | ionghabháil na Crimé in 2014 (18 Márta 2014) Monetary reform in Russia, 1998 (en) (1 Eanáir 1998) Monetary reform in Russia, 1993 (en) 1998 Russian financial crisis (en) (1998) Céad Chogadh na Seisnia default (en) (17 Lúnasa 1998) ionradh na Rúise ar an Úcráin economic sanctions against the Russian Federation (en) | ||||
Saoire phoiblí | |||||
Éarlamh | Naomh Aindrias | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | super-presidential republic (en) | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na Rúise | ||||
Comhlacht reachtach | Tionól Feidearálach Chónaidhm na Rúise | ||||
• Uachtarán na Rúise | Boris Yeltsin (1991–1999) | ||||
• Príomh-Aire na Rúise | Mikhail Mishustin (2020–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Bhunreachtúil na Rúise | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 1,836,892,075,548 $ (2021) | ||||
Onnmhairí iomlána | 337,800,000,000 $ (2015) | ||||
Airgeadra | rúbal na Rúise | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .ru, .рф, .рус agus .su | ||||
Glaochód | +7 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112, 01, 02, 03, 101, 102 agus 103 | ||||
Cód tíre | RU | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | gov.ru | ||||
Bhí sí ar an tír cheannasach in Aontas na bPoblachtaí Sóivéideacha Sóisialacha (APSS) agus is iomaí duine sa Rúis a airíonn uaidh cumhacht na Rúise sna laethanta a bhí. Is é Vladimir Putin uachtaráin den tír agus i 2022, rinne sé ionsú ar an Úcráin.
Stair
- Príomhalt: Stair na Rúise
Déimeagrafaic
Teangacha
Labhraítear 100 teanga difriúla. Is í an Rúisis an t-aon teanga oifigiúil ach tá 27 teanga mhionlach atá aitheanta. De réir an daonáirimh sa bhliain 2002, bhí 142.6 milliún duine ábalta Rúisis a labhairt de na 143.8 milliún duine ar fad sa Rúis (99.1%). Is í an Tatairis an dara teanga is mó le 5.5 milliún cainteoirí. Is í an Úcráinis an tríú teanga is mó agus 1.8 milliún cainteoirí aici. Tá an Rúisis ar cheann de sé theanga oifigiúla na Náisiún Aontaithe.
Oideachas
Tá córas oideachais saor i gcóir gach duine mar chuid den bhunreacht. Ó 1990 tá córas 11 bhliain i réim. Sa bhliain 2004 chaith rialtas na Rúise 3.6% de GDP na tíre ar an oideachas.
Reiligiún
Níl aon daonáireamh oifigiúil i gcóir reiligiúin ach tá na figiúirí seo bunaithe ar suirbhéanna. I Lúnasa ceap ARENA gur Críostaithe iad (Ceartchreidmhaigh, Caitlicigh agus Protastúnaigh araon) iad 46% den daonáireamh. Ceapann Levada go bhfuil 76% den daonra sa Rúis ina gCríostaithe. De réir POF tá 65% ina Chríostaithe agus de réir PRC 73.6%.
Baineann timpeall 95% de pharóistí Ceartcreidmheacha sá Rúis leis an Eaglais Cheartchreidmheach Rúiseach.
Is iad an Chríostaíocht Cheartchreidmheach, Ioslam, Giúdachas agus Búdachas na reiligiúin traidisiúnta sa tír.
Is é Ioslam an dara reiligiún is mó sa Rúis. In iomlán tá 9,400,000 Moslamach sa Rúis (6.5%) i 2012 (níl an figiúr seo ró-chruinn mar ní chlúdaínn sé na Stáit Mhoslamacha traidisiúnta, .i. Chechnya agus Ingushetia. Seo hiad na stáit (a bhí clúdaithe sa suirbhé) le níos mó ná 10% Moslamach: Kabardino-Balkaria (49%), Bashkortostan (38%), KarachayCherkessia (34%), Tatarstan (31%), Yamalia (13%), Orenburg Oblast (11%), Adygea (11%) agus Cúige na hAstracáine (11%). Tá daonra Moslamach idir 1-2% sa chuid is mó de na stáit sa tSibéir.
Cultúr
Litríocht
- Príomhalt: Litríocht na Rúise
Is í litríocht na Rúise litríocht na Rúise féin agus a cuid deoraithe, agus litríocht Rúisise na dtíortha a bhain leis an Rúis nó leis an Aontas Sóivéadach.
Spórt
Beidh Corn an Domhain Sacair 2018 insan Rúis.
Caidreamh iasachta
Sa bhliain 2009 bhí caidreamh ag an Rúis le 191 tíortha agus bhí ambasáidí i 144 tíortha.
Gailearaí
- Páirc Chaitrín, Cathair Pheadair
- Cruithneacht ag fás i gCúige Tomsk. Tairgeoir mór cruithneachta is ea an Rúis.
- Sléibhte na hÚraile, Tyuluk
- Loch Baikal, an loch is doimhne ar domhan, sa gheimhreadh
- An Pálás Geimhridh i gCathair Pheadair
- Tolbukhino, Cúige Yaroslavl
- Longcheárta Yaroslavl
- Crainn fhómhair in Krasnodar Krai
- Halla na Cathrach, Rostov
- Beloretsky, Bashkortostan
- Stáisiún traenach Smolensk
Tagairtí
Naisc sheachtracha
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.