An tSeoirsia
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Tír i gCugas is ea an tSeoirsia agus í ag críochantacht leis an Asarbaiseáin, an Airméin, an Tuirc agus an Rúis. Gruziya (Грузия) a thugtar uirthi as Rúisis, agus mar sin, feictear an leagan An Ghrúis sa Ghaeilge freisin. Is é an t-ainm atá ag muintir na Seoirsia ar a dtír ina dteanga féin ná Sakartvelo (საქართველო). Bhain an tír a neamhspleáchas amach sa bhliain 1991 ón Aontas Sóivéadach.
Is é is ábhar don leathanach seo ná an tír. Má tá suim agat i gciall eile atá leis an téarma seo, féach Georgia (stát S.A.M.).
Remove ads
Daonra
Is í an tSeoirsis teanga oifigiúil na Seoirsia, agus tá aibítir dá cuid féin aici. Teanga Chugasach Dheisceartach is ea í, rud a chiallaíonn nach bhfuil gaol ar bith aici le bunús mór na dteangacha eile san Eoraip. Labhraítear roinnt mhaith teangacha eile sa Seoirsia, go háirithe Asarbaiseáinis (6.5 %) agus Airméinis (5.7 %). Tá dornán Rúiseach ina gcónaí sa tír fós, ach ó bhain an tSeoirsia amach a neamhspleáchas, d'fhág an chuid ba mhó acu an áit. Cloistear na teangacha Margaluri (Megreli), Svan, agus Laz in áiteanna. Tá gaol acu leis an Seoirsis, ach tá siad an-difriúil léi, agus mar sin, is é an dearcadh atá ag na teangeolaithe nach canúintí iad ach teangacha iontu féin. Agus an méid sin ráite, is í an tSeoirsis chaighdeánach an teanga a úsáideann lucht labhartha na dteangacha seo le haghaidh na litríochta is na léitheoireachta. Mar sin, murar canúintí iad, ní bhaintear ach úsáid na canúna astu. Tá Seoirsis nó ceann de na teangacha gaolmhara seo ag 83.8 % de mhuintir na tíre .
Cosúil leis an Airméin, is náisiún seanársa Críostaí í an tSeoirsia, agus eaglais náisiúnta ar leith ag na Seoirsigh. Mar sin féin, is Moslamach duine as gach deichniúr sa Seoirsia. Cuid mhór de na Moslamaigh sa tír, is Aidseáraigh iad, is é sin, Seoirsigh a chuaigh le hIoslam nuair a bhí na hOtamánaigh i seilbh na tíre. Is iomaí duine acu a d'iompaigh ina gCríostaithe nuair a bhain an tSeoirsia amach a neamhspleáchas, daoine óga ach go háirithe. Tá eaglais náisiúnta dá gcuid féin ag na hAirméanaigh freisin. Thairis sin, tá dornán beag Caitliceach agus Protastúnach ann, agus is é Ioslam reiligiún na nAsarbaiseánach sa tír.
Remove ads
Éire
Léirigh na figiúirí in 2024 ón tseirbhís a chuireann lóistín ar fáil d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta go raibh 2,992 duine ón tSeoirsia ag fanacht i lóistín in Éirinn.
Ar an 27 Feabhra 2025, díbríodh grúpa daoine ar chairteitilt chun na Seoirsia. Dúirt an tAire Jim O'Callaghan go raibh na Seoirsigh a díbríodh sa stát go mídhleathach. [1]
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads