dochtúir agus polaiteoir Sileach From Wikipedia, the free encyclopedia
Dochtúir Sileach agus polaiteoir sóisialach é Salvador Guillermo Allende Gossens (26 Meitheamh 1908 - 11 Meán Fómhair 1973), a bhí mar an 28ú uachtarán ar an tSile ó 3 Samhain 1970 go dtí a bhás tragóideach ar 11 Meán Fómhair 1973.[1]
Toghadh Salvador Allende mar uachtarán na tíre i 1970, an chéad Marxach a toghadh go daonlathach i dtír ar bith.[2]
Bhí Allende i bhfeighil ar ghluaiseacht shóisialach ar theastaigh uathu sóisialachas a bhunú sa tír sin agus náisiúnú a dhéanamh ar acmhainní saibhris na tíre sin. Ach ní raibh leasa gnó Meiriceánacha, a raibh gabhaltais mhóra acu sna mianaigh chopair, chun glacadh leis sin. Ní raibh lucht cumhachta bunaithe sa tSile sásta leis an ngluaiseacht shóisialta ach an oiread sa chaoi nár theastaigh uathu a gcumhacht sheanbhunaithe a chailiúint.[3]
Ar 11 Meán Fómhair 1973, d'éirigh an t-arm faoin ginearál Augusto Pinochet amach i gcoinne Allende .Rinne eitleáin chogaidh ionsaí ar Áras an Uachtaráin, La Moneda, sa phríomhchathair, Santiago, Bhí cath fíochmhar ann idir fórsaí daonlathacha an Rialtais agus forghabhálaithe míleatacha. D'fhág Allende slán lena lucht tacaíochta ar an raidió, in oráid thruamhéalach. Le linn an chatha, fuair Allende bás. Ar eagla go ndéanfadh príosúnach de, b'fhearr leis lámh a chur ina bhás féin (le AK-47). Bronnadh stádas an mhairtírigh air ó shin.
Ghlac Pinochet seilbh ar rialtas na Sile agus lean an deachtóireacht ar aghaidh go 1988.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.