Scannáin thanaí
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá i gceist le scannáin thanaí ná cisil fhíneálta ábhair a dhéantar trí dheascadh (deascadh folúsach, eipeatacsacht léas móilíní, leictreaphlátáil, is eile) ar fhoshraith éigin, le tiús ag athrú ó chisil adamh aonair, timpeall 10-10 m, go dtí 10-6 m.
Úsáidtear iad, mar shampla, i modhanna oibre anailíseacha cosúil le micreascópacht leictreon tarchuir is díraonadh neodrón. Is féidir le struchtúir na n-ábhar i gcumraíocht tanascannáin a bheith difriúil uathu siúd sa staid thoirtiúil, agus is féidir struchtúr an ábhair sa tanascannán a mhodhnú de réir an mhodh táirgthe.
Braitear méid áirithe iarmhairtí nua i dtanascannáin (cosúil le hiarmhairt chandamach Hall), go minic de bhrí go mbíonn ceangal ar na leictreoin gluaiseacht i bplána. Saothraíodh úsáidí trádálacha tanascannán: brat frithchaiteach ar dhlúthdhioscaí, brat frithfhrithchaiteach ar lionsaí, agus táirgeadh comhbhall leictreonach is ciorcad iomlánaithe.[1]