![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/42/NASA_-_Visible_Earth%252C_Lakes_of_the_African_Rift_Valley.jpg/640px-NASA_-_Visible_Earth%252C_Lakes_of_the_African_Rift_Valley.jpg&w=640&q=50)
Scoiltghleann
From Wikipedia, the free encyclopedia
Umar fadaithe i screamh an Domhain is ea scoiltghleann, agus é teorannaithe ag éisc normálta. Réigiún ina bhfuil teannas sa screamh de bharr na plátaí teicteonacha screimhe a bheith ag gluaiseacht amach óna chéile. Dlúthbhaint aige le bolcánacht, cosúil le sliabh Kilimanjaro i scoiltghleann oirthear na hAfraice. Tarlaíonn a leithéid ar feadh na sceireacha i lár na n-aigéan freisin.[1]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/42/NASA_-_Visible_Earth%2C_Lakes_of_the_African_Rift_Valley.jpg/640px-NASA_-_Visible_Earth%2C_Lakes_of_the_African_Rift_Valley.jpg)