Scáileán (grianghrafadóireacht)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa ghrianghrafadóireacht, an dromchla a dtaispeántar an íomhá air, frithchaiteach i dteilgean ón tosach is tréshoilseach i dteilgean ón taobh thiar. Ní mór go n-oiriúnaíonn na tréithe frithchaite do na coinníollacha féachana. Más neamhlonrach réscaipeach an scáileán, is féidir an íomhá a fheiceáil thar uillinn leathan. Más dromchla miotalaithe nó gloinithe é, ní bhíonn an íomhá le feiceáil ach taobh istigh d'uillinn ghéar os a comhair amach. Sa phictiúrlann bíonn an scáileán pollta le patrún de phoill bheaga chun nach maolófar an fhuaim ó na callairí taobh thiar de.[1]