Seitse
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cuileog bheag a fhaightear i réigiúin thrópaiceacha na hAfraice. Déanann a béal próboscas cosúil le snáthaid. Beireann sí greim béil ar veirteabraigh agus maireann ar a bhfuil. An-suntasach i míochaine daoine is tréidliacht, mar iompraíonn sí suanghalar na hAfraice (do dhaoine) agus an galar géar nó ainsealach nagana i mbeithígh is capaill. Tharla eipidéimí tábhachtacha go luath sa 20ú céad, agus ráigeanna eile go minic ó shin. Ba bhac mór seo ar úsáid capaill is daimh tarraingthe i dtaiscéaladh na hAfraice ag Eorpaigh.[1]
Fíricí Gasta Glossina, Tacsanomaíocht ...
Glossina | |
---|---|
Glossina morsitans | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Arthropoda |
Aicme | Insecta |
Ord | Diptera |
Fine | Glossinidae |
Géineas | Glossina Wiedemann, 1830 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Dún