From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba é Seán Ó Loingsigh (John "Jack" Mary Lynch, as Béarla) (15 Lúnasa 1917 — 20 Deireadh Fómhair 1999) an 4ú Taoiseach (ceann Rialtais na hÉireann). Bhí dhá théarma aige in oifig idir 1966-1973 agus 1977-1979.
Bhí an Loingseach ar thús cadhnaíochta na gcluichí Gaelacha; peileadóir agus iománaí mór le rá le foirne peile agus iomána Chorcaí a bhí ann, sula gcrom sé ar an bpolaitíocht. Bhí cúig cinn de chraobhacha na hÉireann buaite aige mar iománaí agus ceann amháin mar pheileadóir.
Spreagadh a shuim sa dlí agus é a bheith ina chléireach sa Chúirt Chuarda nuair a bhí sé óg. Rinne sé staidéar i gColáiste na hOllscoile Corcaigh agus in Óstaí an Rí. Glaodh chun an Bharra air sa bhliain 1945.
Chuaigh an Loingseach leis an bpolaitíocht go gairid ina dhiaidh sin.[1][2] Toghadh é do Dháil Éireann don chéad uair mar ionadaí Chorcaí sa bhliain 1948, agus atoghadh é ag gach olltoghchán go dtí lá a scoir sa bhliain 1981.
Le linn a ghairme, bhí sé mar Aire Airgeadais (1965-1966), Aire Tionscoil agus Tráchtála (1959-1965), Aire Oideachais (1957-1959), Aire Gaeltachta (1957) agus mar Rúnaí Parlaiminte.
Bhí an Loingseach ar an 3ú ceannaire ar Fhianna Fáil idir 1966 agus 1979. Ghlac sé áit Seán Lemass mar Thaoiseach sa bhliain 1966. Chuir an foréigean a bhris amach i dTuaisceart Éireann sa bhliain 1969 isteach go mór ar rialtas agus ar phobal na Sé Chontae Fichead. Bhris Ó Loingsigh beirt aire as a gcuid postanna mar nár thacaigh siad go hiomlán le polasaí an rialtais ar Thuaisceart Éireann, dar le Ó Loingsigh.[3]
Ghlac Seán Ó Loingsigh áit Seán Lemass mar Thaoiseach sa bhliain 1966. Chuir an foréigean a bhris amach i dTuaisceart Éireann sa bhliain 1969 isteach go mór ar rialtas agus ar phobal na Sé Chontae Fichead. Bhris Ó Loingsigh beirt aire, Charles Haughey agus Niall Blayney, as a gcuid postanna mar nár thacaigh siad go hiomlán le polasaí an rialtais ar Thuaisceart Éireann, dar le Ó Loingsigh.[4]
D’éirigh go hiontach le Fianna Fáil in olltoghchán 1977 agus bhí Seán Ó Loingsigh ar ais mar Thaoiseach arís. Ach d’éirigh sé as dhá bhliain ina dhiaidh sin agus tháinig Cathal Ó hEochaidh isteach ina áit. Ba é Ó Loingsigh ceannasaí deireanach Fhianna Fáil chun tromlach foriomlán a fháil sa Dáil.
Bhí píopa i mbéal an Loingsigh go minic, mar ghobán b'fhéidir, san fhaisean an tráth úd. Bhuail stróc é i 1993[5], in aois 76 dó agus.d'éag sé ar an 20 Deireadh Fómhair 1999.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.