gníomhaí ar son na Gaeilge san Astráil From Wikipedia, the free encyclopedia
Gníomhaí de chuid Chonradh na Gaeilge i Melbourne na hAstráile ba ea Sibéal Ní Mhearáin (Béarla: Elizabeth (Bessie) Marren), bean éirimiúil a rinne mórán chun an teanga a chur chun cinn sa chéad chuid den 20ú haois.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Inis Ceithleann, Northern Ireland |
Bás | 1981 |
Gníomhaíocht | |
Ball de | |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Arthur Calwell |
Rugadh í in Inis Ceithleann i gContae Fhear Manach. Oileadh í mar mhúinteoir agus tháinig sí chun na hAstráile sa bhliain 1912. Chuidigh sí le craobhacha den Chonradh a chur ar bun in Melbourne sna blianta 1912 agus 1920, agus deireadh sí amhráin Ghaeilge ag ceolchoirmeacha. Dúradh ina taobh go raibh sí “géarintinneach agus ceanntréan”[1]
Ar 29 Lúnasa 1932 phós sí Arthur Calwell, comh-Chonraitheoir a raibh Gaeilge ar a thoil aige agus a mbeadh an-tábhacht leis feasta mar pholaiteoir. Sa bhliain 1933 bhunaigh siad an Irish Review, míosachán a bhain leis an Victorian Irish Association agus a thaobhaigh le Fianna Fáil, páirtí de Valera. Mhair an iris chomh fada leis an mbliain 1953.
Ón mbliain 1921 nó thart air sin scríobhadh sí ailt don Advocate, nuachtán Caitliceach, agus bhí sí ina heagarthóir sóisialta ar an Tribune, nuachtán eile. Tamall ina dhiaidh sin chuaigh sí i mbun leathanach buanseasmhach do pháistí ar an nuachtán céanna. Cuireadh síos uirthi mar bhean rúndaingean agus scríbhneoir cumasach a raibh mórán léite aici agus a bhí an-eolach ar an stair.[2] Bhí sí féin agus a fear céile ina gCaitlicigh dhílse agus deiridís an Choróin Mhuire i nGaeilge.[3][4]
Bhí beirt chlainne ar an lánúin – Mary Elizabeth agus mac darbh ainm Arthur Andrew. Cailleadh eisean le hailse sa bhliain 1948 agus é aon bhliain déag d'aois.
Cailleadh Sibéal sa bhliain 1981, ocht mbliana tar éis bhás a fir chéile.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.