Siobhán Nic Gearailt, Cuntaois Urumhan
cuntaois Éireannach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Banuasal Éireannach ba ea Siobhán Nic Gearailt, Cuntaois Urumhan (c.1509 / 1514 – 2 Eanáir 1565).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1509 Cionn tSáile |
Bás | 2 Eanáir 1565 55/56 bliana d'aois |
Tréimhse ama | Glúin an 16ú aois |
Eile | |
Teideal uasal | Cuntaois |
Teaghlach | Rishliocht Mhic Gearailt |
Céile | James Butler, 9ú hIarla Urumhan Francis Bryan Gearailt Mac Gearailt, 14ú Iarla Dheasumhan (1551 (Féilire Ghréagóra)–) |
Páiste | John Butler ( James Butler, 9ú hIarla Urumhan) Tomás de Buitléir, 10ú Iarla Urumhan ( James Butler, 9ú hIarla Urumhan) Edward Butler ( James Butler, 9ú hIarla Urumhan) Edmund Butler ( James Butler, 9ú hIarla Urumhan) James Butler Duiske ( James Butler, 9ú hIarla Urumhan) Walter Butler ( James Butler, 9ú hIarla Urumhan) Piers Butler ( James Butler, 9ú hIarla Urumhan) |
Athair | James FitzGerald, 10th Earl of Desmond (en) agus Amy Mac-I-Brien-Ara (en) |
Phós sí trí huaire. Ba é Séamas de Buitléir, 9ú hIarla Urumhan, an chéad fear aici, agus é molta roimhe sin mar fhear céile do Anne Boleyn in 1522 chun aighneas faoi theideal agus thailte Iarlaíocht Urumhan a réiteach.[1] Ba é an cúirtéir Sir Francis Bryan an dara fear céile aici. Tar éis di Gearóid Mac Gearailt, 15ú hIarla Dheasumhan, a phósadh, rinneadh réiteach sealadach idir na Gearaltaigh agus na Buitléaraigh, nó gur thit a fear céile amach leis an mac ba shine aici, Tomás Dubh de Buitléir, 10ú hIarla Urumhan.
Scríobhadh sí féin agus Eilís I Shasana go cairdiúil chun a chéile agus muinín aici siúd i Siobhán mar dhuine a d’fhéadfadh cabhrú leis an tsíocháin a choinneáil in Éirinn.[2]