Soinéad
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is soinéad ann ná dán ceithre líne dhéag agus na rímeanna ann socair de réir rialacha áirithe.[1] Ón bhfocal Iodáilise sonetto (lit. "amhrán beag", a dhíorthaítear ón bhfocal Laidine sonus, a chiallaíonn fuaim) a thagann sé. Faoin 13ú haois ba dhán ceithre líne déag a bhí san fhoirm a lean scéimre agus struchtúr docht ríme.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/58/Sonnet_79.jpg/320px-Sonnet_79.jpg)
Dar le Christopher Blum, le linn an Renaissance, ba é an soinéad rogha na bhfilí mar fhoirm chun an grá rómánsúil a chur in iúl.