speiceas éan From Wikipedia, the free encyclopedia
Speiceas éan pasaireach is ea an Séirín Canárach (Serinus canaria). Tugtar canáraíthe ar a chuid cineálacha ceansaithe, toisc go bhfuil siad dúchasach do na hOileáin Chanáracha (chomh maith le hoileáin eile na Macarainéise).
Serinus canaria | |
---|---|
♂ | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | Serinus canaria domestica |
Mais | 1.54 g (meáchan breithe) 15.3 g (meáchan fásta) |
Meánlíon in ál | 3.5 |
Tréimhse ghoir | 13 laethanta |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 22720056 |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Aves |
Ord | Passeriformes |
Fine | Fringillidae |
Géineas | Serinus |
Speiceas | Serinus canaria (L., 1758) |
Ainmníocht | |
Ainmnithe in ómós | na hOileáin Chanáracha |
An chéad ainm Laidine a bhí air | Fringilla canaria |
I dtosach, tá cluimhreach bhreacdhonn agus glas aige, rud a ligeann dó a bheith duaithnithe i gcrainn a thimpeallachtA nádúrtha.
Is é an t-éan seo siombail nádúrtha na nOileán Chanárach, mar aon leis an phailm dátaí Chanárach (Phoenix canariensis).
Póraíodh na canáraithe baile uile a choinnítear i gcásanna ó speiceas amháin, Serinus canaria, atá dúchasach do na hOileáin Chanáracha.
Rangaigh Carl von Linné an séirín Canárach sa bhliain 1758 ina Systema Naturae. Rangaigh von Linné an séirín Canárach ar dtús mar fhospeiceas den seirín Eorpach agus shann sé iad don ghéineas Fringilla. Na blianta ina dhiaidh sin, rinne Cuvier iad a athrangú sa ghéineas Serinus agus d'fhan siad ann mar sin. Is é an gaol is gaire atá aige ná an seirín Eorpach (Serinus serinus) agus is féidir leis an dá cheann hibridí torthúla 25% a tháirgeadh ar an meán má crosáiltear iad.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.