![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/0f/Fotothek_df_n-34_0000203_Metallurge_f%25C3%25BCr_H%25C3%25BCttentechnik.jpg/640px-Fotothek_df_n-34_0000203_Metallurge_f%25C3%25BCr_H%25C3%25BCttentechnik.jpg&w=640&q=50)
Teallach oscailte
From Wikipedia, the free encyclopedia
Modh déantúsaíochta cruach is ea teallach oscailte, a leag William Siemens (1823-1883) amach don chéad uair sa bhliain 1860. Chuir Pierre-Émile Martin (1824-1915) an teicníc i bhfeidhm go rathúil i 1864.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/0f/Fotothek_df_n-34_0000203_Metallurge_f%C3%BCr_H%C3%BCttentechnik.jpg/640px-Fotothek_df_n-34_0000203_Metallurge_f%C3%BCr_H%C3%BCttentechnik.jpg)
Ní bhíonn an garbhiarann leáite i dteagmháil in aon chor leis an mbreosla a sholáthraíonn an teas, ach amháin leis na lasracha ón dó, a imríonn ar theallach éadomhain a choinníonn garbhiarann, seaniarann is flosc.
Is féidir an chruach a tharraingt amach as go leanúnach. Feidhmíonn sé le hiarann ó mhianaigh, rud nach féidir a dhéanamh le próiseas Bessemer.
Cheap Karl Siemens i 1870 an fhoirnéis stua leictrigh; cruthaíodh an stua faoin soitheach leáite chun an miotal a théamh go hindíreach.[1]