From Wikipedia, the free encyclopedia
Léiriú déthoiseach de mhóilín orgánachtríthoiseach is ea Teilgean Fischer, arna cheapadh ag Hermann Emil Fischer sa bhliain 1891. [1] Moladh teilgin Fischer ar dtús chun carbaihiodráití a léiriú agus bhain ceimiceoirí feidhm astu, go háirithe sa cheimic orgánachagus sa bhithcheimic. Cuirtearin aghaidh úsáid a bhaint as teilgin Fischer nuair nach mbíonn carbaihiodráití i gceist, mar go bhfuil na líníochtaí sin débhríoch i gcomparáid le híomhánna eile.[2]
Léirítear na naisc neamhfhoircneacha go léir mar línte cothrománacha nó ingearacha. Taispeántar an tslabhra charbóin sa tslí is go mbíonn an carbón C1 ag an mbarr.[3] San aldós, is é C1 an carbóin sa ghrúpa aildéid; san chéatós, bíonn an uimhir is ísle is féidir, (de ghnáth C2) ag carbón an aildéid.[4]
Úsáidtear teilgean Fischer chun idirdhealú a dhéanamh idir L-móilíní agus D-móilíní. Ar theilgean Fischer, léirítear carbóin leathdheireanach (réamhdheiridh) na D siúcraí le hidrigin ar an taobh clé agus hiodrocsail ar dheis. Taispeánfar siúcraí L leis an hidrigin ar dheis agus an hiodrocsaile ar chlé.
I dteilgean Fischer, gobann na naisc chothrománacha go léir i dtreo an lucht féachana, cé go ngobann na naisc cheartingearacha agus amach ón lucht féachana. Dá bhrí sin, ní féidir teilgean Fischer a rothlú ag 90 ° nó 270 ° i bplána an leathanaigh nó an scáileáin, mar is féidir le treoshuíomh na nasc i dtaobh lena chéile a athrú, ag tiontú móilín go dtí a heanantaiméir. Mar sin féin, ní athraíonn rothlú 180 ° ar bith léiriú an mhóilín. Go fóill, léiríonn malartú dhá phéire de ghúpaí atá ceangailte leis an adamh carbóin lárnach an móilín céanna mar a bhí léirithe mar a bhí sé léirithe ag teilgean bunaidh Fischer.
Agus tú i mbun teilgean Fischer a tharaingt do charbaihiodráit le níos mó ná trí charbón, caithfear gach carbón 'anuas', a ghobfadh amach uait mar a fheictear ó bharr an mhúnla fiarlánach, a iompú agus a dhíriú i dtreo do réimse radhair. Mar sin féinc ní athraíonn sé seo an teilgean Fischer d'aon charbóin roimhe seo.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.