Fisicí is lia a rugadh i Milverton Shasana ab ea Thomas Young (13 Meitheamh1773 – 10 Bealtaine1829). Rinne sé taighde ar radharc na súl agus optaic. Chuir sé teoiric thonnach an tsolais chun cinn. Rinne sé amach teoiric Young-Helmholtz faoi radharc daite na súl. Léirigh sé struchtúr na súile agus chuir síos ar astiogmatacht. Shainmhínigh sé modal Young agus léirigh a fheidhmeanna. Chuidigh sé go mór le fuascailt na rúnscríbhinní ar Leac Rosetta ón Éigipt.[1]