Fisiceoir Meiriceánach a saolaíodh i Merriman, Nebraska is ea Val Logsdon Fitch (Márta 10, 1923 – Feabhra 5, 2015). D'oibrigh sé ar Thionscadal Manhattan chun an buama adamhach a dhéanamh. Ansin rinne sé taighde bunúsach ar adaimh mhuónacha (adaimh le muóin throma in ionad leictreon sna fithiseáin sheachtracha) a thairg go raibh an núicléas níos lú ná mar a ceapadh. I 1964, ag obair le James Watson Cronin, léirigh sé nár imchoimeádadh comhshiméadracht na paireachta is an chomhchuingriú luchta i meath lag céón neodrach. Roinn siad Duais Nobel na Fisice i 1980 as an léargas bunúsach seo i bhfisic na gcáithníní.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 10 Márta 1923 Merriman, Nebraska |
Bás | 5 Feabhra 2015 91 bliana d'aois Princeton, New Jersey |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil McGill Ollscoil Northwestern Ollscoil Columbia Chadron State College (en) |
Céim acadúil | céim dochtúireachta |
Comhairleoir dochtúireachta | James Rainwater |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fisic cháithníní |
Gairm | fisiceoir, eolaí núicléach, múinteoir ollscoile |
Fostóir | Ollscoil Princeton |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Arm na Stát Aontaithe |
Coinbhleacht | An Dara Cogadh Domhanda |
Ghlac sé/sí páirt i | |
1939 | Tionscadal Manhattan |
Saothar | |
Mac léinn dochtúireachta | Mark Strovink |
Gradam a fuarthas | |
Tagairtí
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.