Achall
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, iníon Cairpre Nia Fer, rí na Teamhrach agus a bhean chéile Fedelm Noíchrothach ba ea Achall. Tar éis bás a dhearthár Earc, mairithe ag Conall Cearnach, d'éag sí le crá croí ar cnoc in aice le Teamhair, a ainmníodh aisti ina cuimhne.[1]
Remove ads
Cnoc Achaill
Deirtear gur tháinig Ard-Rí na hÉireann Túathal Techtmar i gcoróin tar éis dó an t-iar-Ard-Rí, Elim mac Conrach, a chloí i gcath ar chnoc Achaill.[2] De réir Tairired na nDéssi, bhíodh an t-Ard-Rí Cormac mac Airt ina chónaí ar an gcnoc tar éis dó súil a chailleadh, toisc níorbh chóir dó bheith i réim i Teamhair leis a leithéid de locht.[3] Is é An Scrín ainm na háite anois.[4]
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads