Alasca
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is é Alasca an stát is mó de Stáit Aontaithe Mheiriceá (S.A.M.). Tá 1,717,854 km² achar ann. Tá sé suite in iarthuaisceart mór-roinne Mheiriceá Thuaidh agus é scoite amach ó na stáit eile (is í an t-aon teorainn atá aige ná le Ceanada).
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Bhí daonra 710,231 ann sa bhliain 2010, an tríú stát is lú sa tír.
Is í Juneau príomhchathair Alasca, agus is iad Anchorage, Sitka agus Valdez cathracha eile atá ann.
Is é Denali (a dtugtaí Sliabh McKinley tráth) an sliabh is airde i Meiriceá Thuaidh atá ann.
Tá daonra dúchasach Alasca go comhréireach ar an gceann is airde d'aon stát SAM, ag breis agus 15 faoin gcéad.[1]
Remove ads
Na réigiúin
Tá sé réigiún sa stát.
1. An crios oirdheisceart
2. An crios intíre
Fuar agus sneachtúil (faoi sneachta seacht mí den bhliain).
3. Lár an deiscirt.
Titeann duartan sneachta go minic ann, ach níl sé chomh fuar leis an crios intíre. Tá Anchorage suite sa chrios seo, an chathair is mó in Alasca.
4. An tIarthar Muirí.
Gaofar, tais agus stoirmeach. Tá go leor oileáin suite ann.
5. An Cósta Thiar
Tá dhá bhéal abhann ann: an Yukon agus an Kuskokwim.
6. An tArctach.
Níl ach cúig orlach báisti i mbliain i mBarrow (sráidbhaile atá ann). Níl solas sa gheimhreadh ann freisin, ach tá an spéir lán le solas sa samhradh.[2]
Remove ads
Féach freisin
Buirgí agus ceantair áireamh in Alasca
Tagairtí
Naisc sheachtracha
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads

