Albert Einstein

fisiceoir a rugadh sa Ghearmáin From Wikipedia, the free encyclopedia

Albert Einstein
Remove ads

Fisiceoir teoiriciúil ab ea Albert Einstein (14 Márta 1879 - 18 Aibreán 1955). Áirítear ar an eolaí is tábhachtaí san 20ú céad é.

Físeán: Einstein ina óige
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Saothar

D'oibrigh Einstein amach teoiric na coibhneasachta agus bhí lámh aige i bhforbairt na meicnice candamaí, na meicnice staitistiúla agus na cosmeolaíochta freisin.

Einstein agus a bhean chéile, Mileva Maric

Bronnadh Duais Nobel na Fisice air sa bhliain 1921 mar gheall ar an míniú a thug sé ar an iarmhairt fhótaileictreach agus ar a raibh déanta aige leis an bhfisic theoiriciúil a fhorbairt go ginearálta.

Thumb
Albert Einstein mar Indiach Dearg, 1931
Remove ads

Saol

Rugadh Einstein in Ulm i réigiún Württemberg sa Ghearmáin sa bhliain 1879. B'iad a thuismitheoirí Hermann Einstein, innealtóir agus díoltóir leapacha, agus Pauline Hermann (dioltóir leapacha) agus Pauline Koch. Giúdaigh a bhí iontu, ach mar sin féin, chuir siad an buachaill i mbunscoil Chaitliceach.

Nuair a shealbhaigh na Naitsithe an chumhacht sa Ghearmáin, b'éigean d'Einstein an tír sin a thréigean. Ar turas sna Stáit Aontaithe, i mí Feabhra 1933, shocraigh Albert Einstein fanacht ansin in áit filleadh go dtí an Ghearmáin. Ach d'fhill sé go Eoraip aon uair amháin eile, ag teacht chuig Antwerp ar 28 Márta 1933.

Tháinig Einstein go dtí Nua Eabhrac ar bord an SS Westernland ar 17 Deireadh Fómhair 1933 agus shocraigh sé síos i Princeton, NJ.[1]

Fuair sé bás ar 18 Aibreán 1955, in aois 76 dó. Dhiúltaigh sé dul faoi scian ag an am.

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads