Alec Reid

sagart Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Remove ads

Sagart d'Ord an tSlánaitheora ba ea Alexander Reid CSsR (5 Lúnasa 1931 22 Samhain 2013) ar a dtugtaí 'éascaitheoir' i bpróiseas síochána Thuaisceart Éireann.[1][2] ‘Ní raibh uaimse riamh ach aon rud amháin: an choimhlint a thabhairt ar shiúl ón tsráid isteach chuig an tábla plé.’ a dúirt an tAthair Alec Reid ar Raidió Fáilte, am sínithe Chomhaontú Aoine an Chéasta.[3]

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads
Remove ads

Beathaisnéis

Rugadh Alec Reid i mBaile Átha Cliath agus tógadh é san Contae Thiobraid Árann . Rinne sé staidéar ar an mBéarla, ar an stair agus ar an bhfealsúnacht i gColáiste na hOllscoile Gaillimh.

Oirníodh ina shagart é sna 1950idí. Ar feadh na gceithre bliana ina dhiaidh sin thug sé Misin Pharóiste i Luimneach, i nDún Dealgan agus i nGaillimh, sular bhog sé go Mainistir Chluain Ard i mBéal Feirste, áit ar chaith sé beagnach daichead bliain ina dhiaidh sin. Seasann Mainistir na Slánaitheoir i gCluain Ioraird ar an gcomhéadan idir Bóthar na bhFál agus ceantair Bhóthar na Seanchille in iarthar Bhéal Feirste.

Thug an tAthair Reid cuireadh do John Hume bualadh le Gerry Adams fá rún i 1986.[4]

Sa bhliain 2005, dúirt Reid agus an tOirmhinneach Harold Good go raibh siad cinnte, go hiomlán cinnte, fá bheaichte thuairisc an Choimisiúin Monatóireachta Idirnáisiúnta (IMC), agus an díchoimisiúnú curtha i gcrích acu.[5]

Fuair ​​Reid bás san ospidéal i mBaile Átha Cliath ar an 22 Samhain 2013 agus cuireadh i Reilig Bhaile an Mhuilinn, Béal Feirste í..

Remove ads

Tagairtí

Loading content...

Naisc sheachtracha

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads