Alexander Pushkin

file Rúiseach (1799-1837) From Wikipedia, the free encyclopedia

Alexander Pushkin
Remove ads

Scríbhneoir Rúiseach a bhí in Aleksandr Sergeyevich Pushkin (Rúisis: Алекса́ндр Серге́евич Пу́шкин). Rugadh Pushkin i Moscó sa bhliain 1799 agus fuair sé bás sa bhliain 1837. Is eisean file náisiúnta na Rúise.[1][2][3]

Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Remove ads

Saothar

Chruthaigh Pushkin stíl éasca nádúrtha atá cosúil le caint uasalaicme a linne féin. D'fhéadfá a rá, fiú, gurbh é Pushkin, thar aon duine eile, a chaighdeánaigh an Rúisis liteartha. Chum sé na céadta de dhánta, ach ba iad na laoithe móra eipiciúla - na húrscéalta faoi rím agus rithim - a thuill a chlú dó. Ní raibh an oiread sin ratha ar a chuid próis, áfach.

Chríochnaigh Pushkin úrscéal stairiúil amháin i stíl Walter Scott, Капитанская дочка/Kapitanskaya dochka ("Iníon an Chaptaein"), agus chum sé roinnt gearrscéalta.[4]

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads