Am
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is comhpháirt í am de chórais thomhais le haghaidh teagmhas a chur in ord, le haghaidh marthanachta teagmhas agus na n-eatramh eatarthu a chur i gcomparáid le chéile, agus le haghaidh gluaisní réad a mheas.

Is é an t-am a scarann imeachtaí leanúnacha ó imeachtaí comhuaineacha[1].
Luaitear an t-am mar an 4ú toise, leis na 3 thoise spásúil.
Ligeann an t-am dúinn feiniméan amháin a ainmniú mar chúis is feiniméan eile mar thoradh, agus an aimsir chaite, an aimsir láithreach is an aimsir fháistineach atá le teacht a ainmniú freisin.

Remove ads
Fisic
I meicnic Newton, is dearbhthomhas an t-am, agus is ionann soicind atá tomhaiste ag breathnadóir amháin is soicind atá tomhaiste ag breathnadóir ar bith eile.
Ach thaispeáin teoiric na coibhneasachta speisialta gur mícheart an tuiscint seo go ginearálta. I gcórais teirmidinimice, díorthaítear treo-aimsitheacht ama ón eantrópacht.
Braitheadh treo-aimsitheacht an ama i bhfisic na gcáithníní den chéad uair i 1998 trí thréithe na gcáithníní fonúicléacha, na céóin.
Remove ads
Tomhas

Úsáidtear an tsiombail t dó, agus tomhaistear é i soicindí (s), nóiméid is uaireanta.
Cainníocht scálach a thugtar ar chainníocht nach bhfuil treo sa spás ag gabháil léi.
Cainníocht scálach is ea an t-am. Is é "t" an tsiombail air.
An soicind ("s"), sin an t-aonad ama.
Déantar cainníochtaí beaga ama a thomhas ina milleasoicindí nó ina micreasoicindí.
Déantar eatraimh ama níos mó ná sin a thomhas ina n-uaireanta, ina laethanta nó ina mblianta.
Is ina soicindí is ceart fad ama a scríobh agus fadhbanna uimhriúla á réiteach san fhisic.
Remove ads
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads