An Aetóip

From Wikipedia, the free encyclopedia

An Aetóip
Remove ads

Is tír san Afraic í Poblacht Dhaonlathach Fheidearálach na hAetóipe, nó an Aetóip de ghnáth. Tá an Aetóip in oirthuaisceart na hAfraice, sa limistéar ar a dtugtar Corn na hAfraice.[1] Ba é An Aibisín an t-ainm a bhí uirthi níos luaithe.

Fíricí Gasta Aintiún, Mana ...
Remove ads

Tíreolaíocht

Is í an Aetóip an dara tír is mó daonra san Afraic, agus í ar an náisiún neamhspleách is sine chomh maith.

Tá an tír, ina bhfuil daonra os cionn 80 milliún duine, timpeall 15 uair méid na hÉireann, agus tá timpeall 85% dá dhaonra ina gcónaí i gceantair tuaithe.

Is í Adas Ababa (nó Addis Ababa as Béarla) príomhchathair na tíre.

Tá teorainneacha aici leis an Eiritré, Djibouti, an tSomáil, an Chéinia agus an tSúdáin.

Tosaíonn an Níl Ghorm san Aetóip.

Aeráid

Is báisteach thaomach a bhíonn i gcuid mhaith den tír, rud a fhágann go mbíonn neamhshláine bia i gceist i gcónaí i gcuid mhaith den tír.

Remove ads

Teangacha

Is í an Amáiris (አማርኛ āmariññā) an teanga is tábhachtaí san Aetóip agus an t-aon teanga amháin a bhfuil stádas oifigiúil aici ar fud na tíre.

Tháinig an phrótatheanga ar an bhfód in Oirthuaisceart na hAfraice b'fhéidir. Tá scoláirí áirithe, cosúil le hIgor Diakonov agus Lionel Bender, den tuairim sin: san Aetóip, tá réimse leathan teangacha fós ann inniu, agus iad á labhairt go tiubh in aice le chéile.

Thumb
Féile Meskel, 2017
Remove ads

Stair

Bhunaigh an tImpire Menelik IIan Adas Ababa sa bhliain 1886.

Ar 7-10 Eanáir, 1936, fuair arm na hIodáile an ceann is fearr ar na hAetópaigh i gcath Ganale Doria i ndeisceart na hAetóipe. Ar feadh 10-15 Feabhra, bhí frithionsaí ó na hAetópaigh ar arm na hIodáile i gCath Amba Aradam, ach bhí an bua i gcónaí ag na hIodálaigh. Ar 5 Bealtaine, ghabh arm na hIodáile an phríomhchathair, Adas Ababa.

I ndeireadh na dála, ní raibh aon tairbhe le hiarrachtaí na hIodáile impireacht a bhunú. Ba thréimhse fhuilteach agus náireach í i stair na hIodáile.

Geilleagar

In ainneoin go raibh fadhbanna suntasacha acu sna 1980idí, tá an Aetóip tar éis dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le laghdú na bochtaineachta agus brostú fáis agus forbartha geilleagraí.[2]

Thumb
An Amáiris: An t-amhrán náisiúnta ó 1922

Leabharliosta

  • Reidy, Frank - Seal san Aetóip.[3] Sa leabhar seo leanann Frank Reidy turas na hÁirce ó Iarúsailéim go dtí an Aetóip. Cíorann sé stair agus seanchas na hÁirce agus tagann sé ar thuiscint nua ar an Áirc ar a stádas agus an tábhacht a bhaineann léi san Aetóip. Tugtar léargas nua anseo ar thír nach mbíonn luaite léi go minic ach ocras, anró agus bás.

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads