An Bhreatain

oileán in iarthuaisceart na hEorpa From Wikipedia, the free encyclopedia

An Bhreatain
Remove ads

Is oileán í an Bhreatain Mhór (nó an Bhreatain) atá suite ar chósta thoir na hÉireann, soir ó thuaidh ón Aigéan Atlantach Thuaidh. Is í an Bhreatain Mhór an naoú hoileán is mó ar domhan, agus an t-oileán is mó san Eoraip. Le daonra de thart ar 59.6 milliún duine (ó lár na bliana 2008), is í an tríú hoileán is mó de réir daonra ar domhan. Tá os cionn 1,000 oileán agus insín thart timpeall na Breataine Móire.

Fíricí Gasta Leasainm, Ainmnithe in ómós ...

Bíonn ciall faoi leith ar an bhfocal Breatain (Breatain, ainmfhocal bain.). Tagann sí ón bhfocal "Prydain" sa Bhreatnais, a chiallaíonn an t-oileán ar a bhfuil Sasana, an Bhreatain Bheag agus Albain. Labhraítí foirm den Bhreatnais ar an gcuid is mó d'oileán na Breataine roimh theacht na Rómhánach, agus ina ndiaidh na hAngail agus Sacsain.

Thumb

Inniu, úsáidtear an téarma an Bhreatain Mhór le tagairt don oileán ar fad, agus "an Bhreatain Bheag" le tagairt don chuid sin den oileán san iarthar inar fhan cuid mhaith de theanga agus de chultúr na mBreatnach, ar de bhunús Ceilteach iad. De ghnáth, ní bhaineann a focal "Breatnach" ach leis an Bhreatain Bheag.

Aithris a bhí ann ar nós na bhFrancach 'Grande Bretagne' a thabhairt ar an ríocht lena hidirdhealú ón mBriotáin ('Bretagne'). Uaidh sin, cuireadh an téarma in úsáid, freisin, le tagairt d'Impireacht na Breataine agus do Chomhlathas na Náisiún. Tugann saoránaigh na Ríochta Aontaithe "British" orthu féin, fiú cuid acu i dTuaisceart Éireann, ach ó theideal iomlán na ríochta, "Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann", ní chlúdaíonn an t-ainm "Briotanach" muintir Thuaisceart Éireann.

Remove ads

Daonra Éireannach i mBreatain

Tá líon mór daoine as Éire agus a sliocht lonnaithe ar fud na Breataine. De réir an daonáireamh 2011 [1]. tá 409,065 daoine le pas Éireannach acu ina gcónaí i mBreatain nó 10% an daonra sa Phoblacht na hÉireann.

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads