An Comhchaidreamh

eagraíocht a bunaíodh sa bhliain 1935 chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc mic léinn ollscoile From Wikipedia, the free encyclopedia

Remove ads

Eagraíocht do lucht ollscoile - na mic léinn agus na céimithe araon - a bhí sa Chomhchaidreamh. dream idir-ollscoile. Bhunaigh Máirtín Ó Flathartaigh an Comhchaidreamh in 1935 chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc mic léinn ollscoile.[1]

Fíricí Gasta Sonraí, Cineál ...

Stair

Bunaíodh an Comhchaidreamh ag cruinniú de theachtaí na gCumann Gaelacha in 86 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath ar 30 Márta 1935. Máirtín Ó Flathartaigh a toghadh mar chéad uachtarán. Mar chomhaltaí coiste toghadh E. Ní Mhórdha (Ollscoil na Ríona), Riobard Mac Laghmainn, Ruairí Ó Brolcháin (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath), Conchubhar Ó Cuileanáin, Caoimhín Ó Góilí mar Rúnaí, David Greene mar chisteoir, G. Mac Oscair (Ollscoil na Ríona), Seán Ó Tuama, agus Pádraig Ó Finneadha.

Remove ads

Tionchar

Sa bhliain 1946, rinne an Comhchaidreamh coup ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge in éineacht le Glún na Buaidhe agus toghadh cuid mhór de lucht an Chomhchaidrimh mar bhaill den Chomhdháil. Thug an Comhchaidreamh go leor moltaí faoin nGaeilge don rialtas tríd an gComhdháil (ach ba bheag toradh a chonaic siad ar a gcuid iarrachtaí).

B'as an Comhchaidreamh a shíolraigh an iris Comhar sa bhliain 1942,[2] mar ardán litríochta, agus mar mheán bolscaireachta don eagraíocht. Bhunaigh an Comhchaidreamh Gael Linn in 1953[3] agus an Clóchomhar, agus Cumann Merriman níos déanaí.[4]

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads