An Peinteagán

From Wikipedia, the free encyclopedia

An Peinteagán
Remove ads

Foirgneamh is é an Peinteagán (i mBéarla: The Pentagon) atá suite in Arlington, Virginia, in aice le Washington, D.C., príomhchathair chónascach Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is é suíomh Roinn Cosanta na Stát Aontaithe é. Tá breis agus 26,000 duine fostaithe ann, sibhialtaigh agus saighdiúirí ina measc. Tugadh an t-ainm An Peinteagán air toisc go bhfuil sé ar dhéanamh peinteagáin .i. go bhfuil cúig thaobh aige.

Fíricí Gasta Lipéad sa teanga dhúchais, Ainmnithe in ómós ...
Thumb

Is é an bloc oifigí seo, a bhfuil cúig stór ann, agus ar oirníodh é ar an 15 Eanáir 1943, ceann de na bloic oifigí is mó ar domhan, agus 28 gciliméadar de dhorchlaí ann. Tógadh é le coincréit neartaithe le cruach. Neartaíodh na héadain le Kevlar idir 2000 agus 2001.

Is iad comhordanáidí geografaíocha lár an Pheinteagáin ná: 38°52'16" thuaidh; 77°03'29" thiar.

Ar an 11 Meán Fómhair 2001, ba é sprioc ionsaí sceimhlitheoireachta é. Fágadh an ionsaí go hoifigiúil ar al-Qaeda.

Remove ads

Tagairtí

Naisc sheachtracha

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads