Ionsaithe 11 Meán Fómhair

From Wikipedia, the free encyclopedia

Ionsaithe 11 Meán Fómhair
Remove ads

Is éard a bhí i gceist le hIonsaithe 11 Meán Fómhair (9/11 mar a ghiorraítear uaireanta iad) ná sraith de cheithre ionsaí sceimhlitheoireachta ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, réitithe ag na mbuíon Ioslamach sceimhlitheoireachta al-Qaeda, maidin dé Máirt, 11 Meán Fómhair, 2001.[1] Maraíodh 2,977 duine, gortaíodh níos mó ná 25,000 agus cruthaíodh an iliomad fadhbanna sláinte fadtéarmacha de bharr na n-ionsaithe.[2] Anuas ar sin, rinneadh scrios mhillteach ó thaobh an bhonneagair agus na maoine de, ar chostas thart ar 10 billiún dollar.

Fíricí Gasta Cineál, Cuid de ...

D'fhuadaigh naoi sceimhlitheoir déag d'al-Qaeda ceithre eitleán ó aerfoirt éagsúla in iarthuaisceart na Stát Aontaithe agus California mar cheann scríbe ag gach aon cheann acu. Thuairteáil péire díobh ar dhá thúr an Ionaid Trádála Domhanda in Manhattan Íochtar agus leagadh chun talún iad araon taobh istigh de dhá uair an chloig. Dhírigh an 3ú eitleán ar an Peinteagán, ceanncheathrú Roinn Chosanta na tíre, i gContae Arlington, Virginia. Bhí an ceathrú cheann athdhírithe i dtreo Washington, D.C. ag na bhfuadaitheoirí ach is cosúil go bhfuair paisinéirí an eitleáin an ceann is fearr orthu agus thit sé go talamh i ngort sa Stonycreek Township, Pennsylvania.

Remove ads

Na heitleáin

  • 1. American Airlines Eitilt 11 (eitilt laethúil ó Bhostún go Los Angeles), a bhuail an túr thuaidh den World Trade Center, nó Ionad Trádála Domhanda, i Nua- Eabhrac ag 8:46AM
  • 2. United Airlines Eitilt 175 (Bostún-Los Angeles), (a bhuail an túr theas den World Trade Center ag 9:03AM. Chonaic a lán daoine an t-ionsaí seo agus é ag tarlú mar bhí ceamaraí teilifíse ag taifeadadh an eachtra ag an túr thuaidh
  • 3. American Airlines Eitilt 77 (Washington, D.C.-Los Angeles), a bhuail an Peinteagán in Arlington, Virginia ag 9:37AM
  • Thumb
    smionagar na pléisce
    4. United Airlines Eitilt 93 (Newark-San Francisco), a bhuail an talamh ag 10:03AM, gar do Shanksville, Pennsylvania. Ceaptar gurb é plean na sceimhlitheoirí Caipeatól na Stát Aontaithe in Washington a ionsaí ach rinne na paisinéirí iarracht na fuadaitheoirí a chloí. Bhí fóin phóca ag cuid de na paisinéirí agus bhí fhios acu cad a tharla do na heitleáin eile a bhí fuadaithe. Bhuail an t-eitleán an talamh mar gheall ar an troid agus maraíodh gach éinne ar bord.
Remove ads

Toradh na n-ionsaithe

Nua-Eabhrac

Maraíodh 246 daoine a bhí ar bord na heitleáin, gan na 19 sceimhlitheoirí a chur san áireamh.

Thosaigh tinte sna túir den World Trade Center de bharr na n-ionsaithe. Bhí an túr theas ag dó ar feadh 52 nóiméad sular thit sé. Bhí an túr thuaidh ag dó ar feadh 102 nóiméad sular thit sé. Scriosadh an dá thúr.

Thumb
Eitiltí

Thit foirgneamh eile in aice leis na túir, an "7 World Trade Center" ag 5:20PM an lá céanna. Ceaptar gur lagaíodh an foirgneamh seo nuair a thit na túir eile.

Maraíodh 2606 duine ag an World Trade Center. Maraíodh 341 fir dóiteáin de chuid an Roinn Dóiteáin i Nua-Eabhrac.

Arlington

Bualadh an taobh thiar den Pheinteagán. Bhuail an t-eitleán an talamh díreach ag an am céanna a bhuail sé an foirgneamh.

ceamara slándála sa Pheinteagán

Maraíodh 125 daoine ag an Peinteagán (70 sibhialtach agus 55 ball d'fhórsaí armtha SAM).

San iomlán

Maraíodh 2997 daoine de bharr na n-ionsaithe, póilíní agus fir dóiteáin ina measc.

Remove ads

Tar éis na n-ionsaithe

D'ionsaigh fórsaí míleata na Stáit Aontaithe an Afganastáin i mí Dheireadh Fómhair, 2001. Bhí an Afganastáin faoi smacht an Talaban, grúpa antoisceach Ioslamach agus bhí roinnt ceannairí de chuid Al-Qaeda lonnaithe sa tír.

Thumb
Sheikh Mohammed in 2003

Cóir

Gabhadh Walid bin Attash[3] sa Phacastáin in 2002, Deirtear gur thraenáil sé beirt den dream a rinne na hionsaithe sceimhlitheoireachta in 2001.

Gabhadh Mustafa al-Hawsawi[4] agus Khalid Sheikh Mohammed[5] sa Phacastáin ar an 1 Márta 2003. Deirtear go raibh al-Hawsawi freagrach as airgead a chur ar fáil do na sceimhlitheoirí. Dúine de chúlaistíní sinsearacha Osama bin Laden ab ea Sheikh Mohammed,[6] de bhunadh Chuáit é, "an té a phleanáil na hionsaithe", a deirtear sa phreas.[7]

Choinnigh na Meiriceánaigh an triúr faoi rún in ionaid éagsúla sular cuireadh iad sa phríosún i mbunáit mhíleata Chuan Guantánamo in 2006. Céasadh go minic agus go sistéamach iad i gcaitheamh na mblianta sin, tráth a "mhaígh siad" go raibh go leor ionsaithe sceimhlitheoireachta eile sna Stáit Aontaithe beartaithe acu, nó sin a mhaígh na húdaráis.[6]

Ar an 31 Iúil 2024, bhí margadh dlíthiúil[8] déanta ag ionchúisitheoirí leis an triúr.[9] De réir an mhargaidh, pléadálfadh na fir "ciontach i gcomhcheilg" mar mhalairt ar phríosún saoil seachas an pionós báis a bhí os a gcionn. Féachadh roimhe seo le margadh mar é a dhéanamh ach chuir go leor de ghaolta na ndaoine a maraíodh sna hionsaithe ina aghaidh.[6]

Ach ar an 2 Lúnasa 2024, chinn Rialtas Feidearálach na Stát Aontaithe an margadh "a bhí déanta" a tharraingt siar. Chuir gaolta áirithe na ndaoine a maraíodh sna hionsaithe fáilte roimh chinneadh Rúnaí Cosanta na Stát Aontaithe, Lloyd Austin.[10]

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads