An Uaimh

baile i gContae na Mí, Éire From Wikipedia, the free encyclopedia

An Uaimh
Remove ads

Is í an Uaimh[1] (Béarla: Navan) príomhbhaile contae na , Poblacht na hÉireann. Tá 30,173 duine ina gcónaí ansin agus is í an 10ú baile is mó i bPoblacht na hÉireann í de réir an daonáirimh a rinneadh in 2016. Tá an Uaimh ag cumar na Bóinne agus na hAbhann Duibhe.

Fíricí Gasta Suíomh, Príomhchathair de ...

É suite i nGleann na Bóinne, is réigiún é a bhfuil stair fhada shaibhir ag baint leis. Tá an baile seo suite in aice le Brú na Bóinne (Dún Fhearghas, Cnobha, agus Dubhadh), Teamhair na Rí, Scrín, Baile Shláine chomh maith leis na bailte oidhreachta Baile Átha Troim agus Ceanannas.

Tá dhá cheantar Gaeltachta buailte ar an Uaimh. Is iad sin Ráth Chairn agus Baile Ghib.

Remove ads

Oideachas

  • Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig
  • St. Joseph's Mercy Secondary School
  • St. Michael's Loreto Secondary School
  • Coláiste na Mí
  • Coláiste Beaufort

Spórt

Páirc Tailteann lonnaithe san Uaimh.

  • RFC na hUaimhe
  • CLG Bhaile Shíomoin
  • CLG Uí Mhathúna
  • GFC Walterstown

Ó Mathúna na hUaimhe

Cuireadh craobh Uí Mhathúna den Chumann Lúthchleas Gaeil san Uaimh sa bhliain 1948. Tá sé suite san Uaimh in aice le hOspidéal Mhuire Mháthair agus Aldi. Tá páirc eile acu ar Bhóthar na Troim. Bhuaigh siad fiche Keegan Cups, an Comórtas peile is mó sa Mhí. Imríonn a lán peileadóirí cáiliúla le Ó Mathúna mar shampla Stioffan Ó Bré, Kevin Reilly, Niall McKeigue agus Joe Cassels. Is iad gorm agus bán dathanna an chumainn. Bhuaigh siad an Keegan Cup sna blianta 2014 agus 2015. Bhuaigh an cumann a lán comórtas óg freisin.

Remove ads

Béaloideas

De réir an bhéaloidis áitiúil, thángthas ar uaimh thalún in aice leis an tarbhealach sa bhliain 1848. Cailleadh an tslí isteach ó shin.[2]

Stair

Ar 23 Bealtaine 2005, maraíodh cúigear nuair a d'iompaigh bus scoile ar a thaobh ar an mbóthar idir an Uaimh agus Baile an Cheantaigh, agus é á thiomáint timpeall cúinne.[3][4]

Bailte nasctha

Tá an Uaimh nasctha leis na háiteanna seo a leanas:

Daoine suntasacha

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads