Anraí II Shasana

rí Sasanach From Wikipedia, the free encyclopedia

Anraí II Shasana
Remove ads

Bhí Anraí II (5 Márta 11336 Iúil 1189) ina rí ar Shasana agus ina Dhiúc agus ina Thiarna ar chuid mhaith den Fhrainc, den Bhreatain Bheag agus d'Éirinn, ón mbliain 1154 go lá a bháis. Tháinig Anráí II i gcomharbacht ar a chol ceathrair, Stiofán.

Thumb
Cassell's History of England, 1902
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Remove ads

Réim

Bhí Anráí II ar an gcéad duine de theaghlach Phlantaigíneach le bheith ina rí ar Shasana.

Ba le linn a réimeas siúd a tháinig na Normannaigh go hÉirinn, rud a chuir tús leis an gcaidreamh achrannach idir Éire agus Sasana, a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann.

Becket

Cheap an Rí Anraí II Thomas Becket mar sheansailéir sa bhliain 1155.. Bhí an-mhór le chéile, nó is rud é a chreidtear go forleathan Ach bíonn díospóireacht i gcónaí faoin ‘chairdeas mhór’ a bhí ann, más fíor.[1][2]

Thumb
samhail, Séipéal Fontevraud sa Fhrainc

Ar aon nós, d'éirigh coimhlint níos déanaí idir Becket agus Anraí II maidir le cearta agus pribhléidí na hEaglaise. Ar 29 Nollaig 1170, mharaigh leantóirí na rí Becket in Ardeaglais Canterbury.

An bhliain dár gcionn, d'iarr Anraí pas coimirce ar Fernando II, Rí León, lena bhóthar a réiteach go Santiago. Tá gach dealramh ar an scéal gur leagadh an oilithreacht mar phionós air in éiric dhúnmharú Becket.[3]

Príomhalt: Camino de Santiago

In Éirinn

Sa 12ú haois, bhí ríthe na gcúigí ag streachailt le chéile chun flaitheas na hÉireann a ghabháil.[4] Rinne na Normannaigh ionradh ar Éirinn ó Shasana sa bhliain 1169 ar iarratas an Rí ar a dtugtar Diarmaid Mac Murchadha, a bhí ag súil le cabhair uathu. Ach sheol Rí Anraí II Shasana a thuilleadh saighdiúirí le smacht a choimeád ar a arm Normannach.[5]

Ba í an tuiscint thraidisiúnta ar Laudabiliter satis, bulla de chuid an Phápa Adrian IV, gur bhulla ba ea é inar cheadaigh an Pápa d’Anraí II Shasana ionradh a dhéanamh ar Éirinn, faoi bhráid leasú a dhéanamh ar an Eaglais abhus. Ach tá léamh eile ag na staraithe inniu.[6]

Ar aon nós, bhí Sionad ag Easpaig na hÉireann i gCaiseal in 1172, agus thug na hEaspaig móid dílseachta ar an Sionad úd d’Anraí II mar Thiarna ar Éirinn. De réir a chéile, thug taoisigh uile na hÉireann an mhóid dílseachta d’Anraí II chomh maith.[6]

Thumb
Anraí agus Thomas Becket (14ú haois)

Bás

Bhuail othras pollta, srl. Anraí agus d'fhulaing sé bás i bpian ar 6 Iúil 1189

Tháinig Risteard I i gcomharbacht ar Anráí II.

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads