Apollo 12

From Wikipedia, the free encyclopedia

Apollo 12
Remove ads

Ba é Apollo 12 an séú eitilt le foireann sa chlár Apollo sna Stáit Aontaithe agus an dara ceann a bhain talamh na Gealaí amach (misean de chineál H). Seoladh é ar an 14 Samhain 1969, ceithre mhí i ndiaidh Apollo 11.

Fíricí Gasta Cineál misean, Oibritheoir ...

Chaith Charles "Pete" Conrad ceannasaí misin agus Alan L. Bean píolóta an mhodúil ghealaí beagáinín níos mó ná lá amháin agus seacht n-uaire a'chloig de ghníomhaíocht ar dhromchla na gealaí le linn don phíolóta Richard F Gordon fanacht i gceannas ar an mhodúl ceannasaíochta.

Ba é Oceanus Procellarum (Gaeilge: Aigéan na Stoirmeacha) láithreán tuirlingthe an mhisin. Baineadh amach na príomhchuspóirí seo a leanas; tuirlingt níos cruinne (nach raibh bainte amach ag Apollo 11) agus cuairt a thabhairt ar an taiscéalaí Surveyor 3 chun codanna a bhaint amach as le haghaidh anailíse.

D'éirigh leis na spásairí ó Apollo 12 an ceamara is an scúp ó Suirbhéir 3 a fháil ar ais óna ionad tuirlingthe in Aigéan na Stoirmeacha

Chríochnaigh an misean ar 24 Samhain le stealltuirlingt rathúil, tar éis príomh-chuspóirí an mhisin a chur i gcrích.

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads