Clár Apollo
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Clár spástaiscéalaíochta a d'eagraigh NASA idir na blianta 1961-1972 ba ea Apollo, le aistir don ghealach le foireann ar bord (1968-1972).

Sé aistear ar fad a chuaidh i dtír. Tógadh 300 kg d'ithir, croíleacán is carraigeacha ar ais ón ngealach, agus rinneadh turgnaimh ar an ngealach.

Remove ads
Eagraíocht
An fheithicil láinseála Saturn V a úsáideadh do chlár Apollo, an roicéad ba chumasaí riamh ag an am sin.
Bhí trí fhoireann ar gach aistear, agus iad lonnaithe sa mhodúl stiúrtha a d'fhanadh i bhfithis timpeall na gealaí nuair a scaradh an modúl gealaí de chun tuirlingthe.
Ansin, nuair a d'éiríodh an modúl gealaí ón dromchla, nascadh sé leis an modúl stiúrtha roimh imeacht le chéile ón bhfithis timpeall na gealaí le filleadh ar an domhan.
Tar éis teacht tríd an atmaisféar, thuirlingíodh an modúl gealaí le paraisiút sa bhfarraige, agus thógtaí ar bord loinge é.
Remove ads
Stair

Roimh an gclár Apollo, d'eagraigh NASA cláracha saothraithe eile: Mercury, Gemini, Ranger, Surveyor agus Lunar Orbiter.
1967
Maraíodh triúr spásairí in Apollo 1 le linn tástála.
1968.
Ba é Apollo 8 an chéad aistear le foireann don ghealach.
1969.
Rinne Apollo 11 (le Neil Armstrong is Edwin Aldrin ar bord) an chéad tuirlingt ar an ngealach sa bhliain 1969.[1]
Ba é Apollo 12 an séú eitilt le foireann sa chlár Apollo agus an dara ceann a bhain tuirling na Gealaí amach. Seoladh é ar an 14 Samhain 1969, ceithre mhí i ndiaidh Apollo 11.

1972.
Tharla an t-aistear deireanach, Apollo 17, sa bhliain1972: chaith an fhoireann 75 uair, agus thaistil 34 km, ar dhromchla na gealaí leis an bhfeithicil ar thugadar ‘fánaí gealaí’ uirthi.[2]
Remove ads
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads