Bagdad
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Príomhchathair na hIaráice is í Bagdad (Araibis: بغداد , Baghdād). Tá an chathair suite ar bhruach abhainn Tigris in lár na tíre. Is í an chathair is mó sa tír, agus an dara chathair is mó sa domhan Arabach, tar éis Caireo. Meastar go bhfuil cónaí ar 5,772,000 duine ann.
Remove ads
Stair
B'é an Cailíf al-Mansur, de ríshliocht na nAbbasach a bhunaigh Baghdad an 30 Iúil 762. Bhí príomhchathair na bPeirseach, Ctesiphon, suite gar do Bhagdad. Ghabh na Moslamaigh an chathair siúd sa bhliain 627, agus bunaíodh Bagdad mar phríomhchathair ina h-áit.
Meastar gurbh í Bagdad an chathair ba mhó ar domhan idir blianta 775 agus 935. Tá seans ann freisin gurbh í an chéad chathair a raibh daonra níos mó ná milliún duine aici.
Rinneadh a lán dochair do Bhagdad le linn ionradh na Mongólach a chuir deireadh le réim na nAbbasach, agus i bhfad níos déanaí, le linn Chogadh na Murascaille idir 1990 agus 1991, agus an dara ionsaí sa bhliain 2003.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Remove ads
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads