An Iaráic

tír in Iarthar na hÁise From Wikipedia, the free encyclopedia

An Iaráic
Remove ads

Tír sa Mheánoirthear agus in iardheisceart na hÁise í Poblacht na hIaráice. Tá sí ag críocha aici leis an Araib Shádach agus le Cuáit ó theas, leis an Tuirc ó thuaidh, leis an Siria san iarthuaisceart, leis an Iordáin san iarthar, agus leis an Iaráin san oirthear. Thugtaí an Mheaspatáim ar an dúiche seo.

Thumb
Léarscáil
Fíricí Gasta Aintiún, Mana ...
Remove ads

Stair

Ba i réigiún na Measapatáime, idir an Eofrait agus an Tígris, a cuireadh tús le roinnt de na sibhialtachtaí is ársa ar domhan, na Suiméaraigh, na Bablóinigh agus na hAsaírigh. Tar éis a bheith faoi cheannas na Peirse ar feadh i bhfad, ghabh na hArabaigh seilbh ar an réigiún sa bhliain 656, agus aistríodh an Chailifeacht go dtí an chathair nua í mBagdad sa bhliain 762 (in aice leis an Bhablóin ársa). Bhí Bagdad ina príomhchathair don domhan Arabach ar feadh na gcéadta bliain go dtí gur chuir an Impireacht Otamánach an ceantar faoi chois sa bhliain 1534.

Cogadh Iaráin - Iaráic

Ar an 22 Meán Fómhair 1980, bhris cogadh amach idir an Iaráin agus an Iaráic. Rinne Saddam Hussein ionradh ar an Iaráin.

Maraíodh 1,000,000 ar an dá thaobh[1].

Chuir na Náisiún Aontaithe deireadh leis an doirteadh fola sa bhliain 1988[2].

Cogadh na Murascaille

Ar an 2 Lúnasa 1990 nuair a thug Saddam Hussein an t-ordú ionsaí a dhéanamh ar Chuáit.

Thosaigh an Cogadh na Murascaille dá bharr Bhí an bua ag na gComhguallithe sa deireadh ar an 28 Feabhra 1991, ach níor cuireadh an ruaig ar Saddam Hussein. Agus iad ag teitheadh ó Chuáit, dhóigh na hIarácaigh a lán de na tobair ola atá go flúirseach sa tír seo.

Cogadh na hIaráice

Ar an 19 Márta 2003 chuir an chomhghuáillíocht tús leis an gcogadh in aghaidh na hIaráice. Chuaigh Tony Blair agus George W. Bush glan i gcoinne na tuairime a bhí ag na Náisiúin Aontaithe gur cheart fanacht níos faide agus nár cheart ionsaí a dhéanamh ar an Iaráic de bharr na tubaiste a d’fhéadfadh tarlú.[3]

Is iomaí tuairim fós faoi cad chuige a rinne siad é, agus cé atá freagrach as an gcinneadh tubaisteach sin.[4]

Cogadh cathartha

I mí Aibreáin 2010, chuir WikiLeaks físeán d'eachtra a tharla sa bhliain 2007 inar mharaigh fórsaí SAM sibhialtaigh hIaráice agus iriseoirí, ar a dtugtar Collateral Murder.

Thumb
Feabhra, 1991: Chuir fórsaí míleata Saddam Hussein olacheantair Chuáit le tine.
Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads