Blaa
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is rolla aráin bog bán é an blaa. Itear i gContae Phort Láirge sa chuid is mó ach tá sé le fáil i gContae Chill Chainnigh agus i gContae Loch Garman freisin. Itear é de ghnáth le him agus uaireanta le hispín lóin (red lead). Blaa bricfeasta is ea blaa le slisín bagúin, ubh fhriochta agus ispíní. Deirtear gur thug na hÚgónaigh an blaa isteach sa 17ú haois. Deirtear freisin go dtagann an focal ón bhFraincis (blanc nó bán) de thoradh ar an bplúr. Is fearr iad a ithe tamall tar éis a gceannach mar bíonn siad níos úire ag an am sin.
Ar 19ú Samhain 2013, fuair an Blaa stádas Thásca Geografacha Faoi Chosaint ón Aontas Eorpach [1].
Remove ads
Oideas
Comhábhair
- 500g plúr báicéara
- 10g salann
- 10g ime
- 20g giosta aráin
- 10g siúcra
- 275g uisce alabhog
Modh
- Criathraigh comhábhair thirime.
- Cuimil im agus meascán tirim le chéile.
- Tuaslaig giosta agus siúcra san uisce.
- Cuir lena gcomhábhair fhluiche agus measc. Fuin go dtí go bhfuil an taos leasteach agus mín.
- Ardaigh ar feadh 45 nóiméad. Fuin arís. Sos ar feadh 15 nóiméad.
- Scar i 8 bpíosa. Déan liathróidí as na píosaí.
- Clúdaigh agus sos ar feadh 5 nóiméad.
- Cuir na liathróidí i dtráidire bácála. Leacaigh go beagáinín. Spréigh le plúr breise.
- Ardaigh ar feadh 50 nóiméad. Spréigh le beagáinín plúir.
- Cuir beagáinín galuisce ar bhun an oighinn.
- Bácáil ar feadh 15-20 nóiméad ag 210C.
Remove ads
Féach freisin
Tagairtí
Naisc sheachtracha
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads