Brian Friel
drámadóir agus údar Éireannach (1929–2015) From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Drámadóir clúiteach de chuid na hÉireann ab ea Brian Friel (nó Brian Ó Froighil) (rugadh 9 Eanáir, 1929 ins an Ómaigh, Tír Eoghain, Tuaisceart na hÉireann, fuair bás 2 Deireadh Fómhair 2016 ).

Remove ads
Saol
Bhí cónaí ar Friel ar feadh i bhfad i nDoire sular bhog sé go Tír Chonaill sa bhliain 1967, áit a bhí sé ag cur faoi go dtí lá a bháis.
Ag deireadh na gcaogaidí is ea a thosaigh an chéad chuid dá shaothar ag teacht ós comhair an phobail. Le léiriú a dhráma Philadelphia, Here I Come (Philadelphia, Táim ag Teacht) sa bhliain 1964, bhain sé amach cáil idirnáisiúnta. Bhí iliomad drámaí scríofa aige agus cuid mhaith díobh aistrithe go teangacha iasachta. Rinneadh scannán mór le rá dá dhráma Dancing at Lughnasa (Ag Damhsa Lá Lúnasa). BÁC
Bhí sé ina Saoi de chuid Aosdána.
Remove ads
Oidhreacht
Bhí ceangal láidir ag Brian Friel leis na Gleannta, baile dúchais a mháthair. Agus sa bhliain 2023, shocraigh Comhairleoirí Contae Dhún na nGall seanteach cúirte na nGleanntach a thabhairt d'iontaobhas Brian Friel ar léas 99 bliain, chun ionad cultúrtha in ómós do Brian Friel a thógáil.[1]
Saothar
- A Sort of Freedom (neamhfhoilsithe, 1958)
- To This Hard House (neamhfhoilsithe, 1958)
- A Doubtful Paradise (neamhfhoilsithe, 1960)
- The Enemy Within (1962)
- The Blind Mice (neamhfhoilsithe, 1963)
- Philadelphia Here I Come! (1964)
- The Founder Members (neamhfhoilsithe, 1964)
- Three Fathers, Three Sons (neamhfhoilsithe dráma don teilifís, 1964)
- Lovers: Winners and Losers (1967)
- Crystal and Fox (1968)
- The Mundy Scheme (1969)
- The Gentle Island (1971)
- The Freedom of the City (1973)
- Volunteers (1975)
- Farewell to Ardstraw (neamhfhoilsithe dráma don BBC, 1976)
- The Next Parish (neamhfhoilsithe dráma don BBC, 1976)
- Living Quarters (1977)
- Aristocrats (1979)
- Faith Healer (1979)
- Translations (1980)
- Three Sisters (Chekhov athchóiriú, 1981)
- American Welcome (neamhfhoilsithe dráma gearr, 1981)
- The Communication Cord (1982)
- Making History (1988)
- Dancing at Lughnasa (1990)
- The London Vertigo (Charles Macklin athchóiriú, 1990)
- A Month in the Country (Turgenev athchóiriú, 1992)
- Wonderful Tennessee (1993)
- Molly Sweeney (1994)
- Give Me Your Answer, Do! (1997)
- Uncle Vanya (Chekhov athchóiriú, 1998)
- The Yalta Game (Chekhov athchóiriú, 2001)
- The Bear (Chekhov athchóiriú, 2002)
- Afterplay (2002)
- Performances (2003)
- The Home Place (2005)
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads