Buzz Aldrin

spásaire Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia

Buzz Aldrin
Remove ads

Is iarspásaire Meiriceánach é Buzz Aldrin (a rugadh in Glen Ridge, New Jersey ar an 5 Eanáir 1930 mar Edwin Eugene Aldrin, Jr.), an dara duine riamh a shiúil ar dhromchla na Gealaí.[1]

Thumb
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Remove ads

Misean spáis

Thumb
in Phoenix, Arizona, 2016

Ar 16 Iúil 1969, chuir Aldrin tús lena thuras chun na gealaí nuair a d’fhág sé an Kennedy Space Centre in Florida san Apollo 11.

Thuirling sé i Muir na Sáimhe ar an 20 Iúil, 1969. In éineacht lena chomhspásaire, Neil Armstrong, chaith Aldrin dhá uair an chloig go leith ar dhromchla na Gealaí ag déanamh taiscéalaíochta. D'fhág siad teachtaireacht as Gaeilge ar an ngealach ː[2]

‘Go ndeonaí Dia go dtabharfaidh an mheabhair agus an misneach a chuir ar chumas an duine cos a leagan ar an ngealach go mbeidh ar a chumas chomh maith síocháin agus sonas a chur in áirithe ar an talamh seo agus teacht slán ó chontúirt a léirscriosta fhéin.’

D'fhan an tríú spásaire, Michael Collins ag fithisiú na Gealaí sa Mhodúl Ceannasaíochta le linn chuairt na beirte eile ar ár satailít.

Remove ads

Pearsanta

Phós Aldrin den cheathrú huair ar 20 Eanáir 2023, agus in aois 93 dó. Phós sé Anka V. Faur (63) i Los Angeles.[3]

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads